Uasdátaithe: 14 Eanáir 2021
Táimid ag déanamh an oiread tástála do COVID-19 agus is féidir linn faoi láthair.Caithfear tús áite a thabhairt dóibh siúd a bhfuil comharthaí orthu. Ní dhéanfar tástáil ar ghar-theagmhálaithe ag an am seo. Más gartheagmhálaí tú caithfidh tú srian a chur le ghluaiseachtaí (fan sa bhaile), fiú, má tá tú ag mothú go maith. Má thagann comharthaí COVID-19 ort, fan asat féin (fan i do sheomra), agus cuir glaoch ar do Dhochtúir Teaghlaigh le comhairle a fháil.
D’fhéadfá a bheith i do ghartheagmhálaí má bhíonn tú i ngartheagmháil le duine a fuair toradh dearfach ar thástáil COVID-19 (coróinvíreas):
Gartheagmháil
Is ionann gartheagmháil agus:
- teagmháil faoi 2 mhéadar le duine atá ionfhabhtaithe ar feadh níos mó ná 15 nóiméad, laistigh nó amuigh
- ag maireachtáil sa teach nó sa lóistín céanna le duine atá ionfhabhtaithe
- a bheith i do shuí i bhfoisceacht 2 shuíochán do dhuine ionfhabhtaithe ar iompar poiblí nó ar eitleá
D’fhéadfá a bheith i do ghartheagmhálaí nó i do theagmhálaí fánach freisin dá gcaithfeá níos mó ná 2 uair an chloig faoi dhíon in oifig nó i seomra ranga, in éineacht le duine ionfhabhtaithe. Braithfidh sé seo ar mhéid an tseomra agus ar chúinsí eile. Inseoidh na hoifigigh sláinte nó an rianaire teagmhála duit an bhfuil tú i mbaol nó nach bhfuil.
Ba chóir d’oibrithe cúraim sláinte comhairle ar leith a leanúint:
- oibrithe cúraim sláinte a ndeirtear leo gur gartheagmhálaí iad (PDF, 4 leathanach, 560kb)
- oibrithe cúraim sláinte a bhfuil PPE á chaitheamh acu nuair a fhaigheann foláireamh tríd an aip Rianaire COVID
Cad tá le déanamh más gartheagmhálaí tú
Más gartheagmhálaí tú caithfidh tú srian a chur ar do ghluaiseachtaí (fan sa bhaile) fiú má tá tú ag mothú go maith. Má thagann comharthaí COVID 19 ort déan féin-aonrú (fan i do sheomra)agus cuir glaoch ar do DT le haghaidh tuilleadh eolais.
Conas a gheobhaidh tú amach gur gartheagmhálaí tú
De ghnáth gheobhaidh tú amach más gartheagmhálaí tú :
- ónár bhfoireann rianaithe teagmhála
- ar an aip Rianaire COVID
- ón bhfoireann sláinte poiblí atá ag déanamh iniúchadh ar chás deimhnithe i suíomh ar leith. Mar shampla: teach altranais nó ionad oibre nó scoil.
Nuair a bhíonn tú i do ghartheagmhálaí
Beidh tú i do ghartheagmhálaí má bhí teagmháil agat le:
- duine ar tháinig comharthaí Covid-19 air agus a thosaigh ag féin-aonrú laistigh de 48 uair an chloig tar éis duit a bheith i dteagmháil leis
- duine nach raibh comharthaí air ach a fuair toradh dearfach ar thástáil don víreas laistigh de 24 uair an chloig tar éis duit a bheith i dteagmháil leis.
Más gartheagmhálaí thú ach nach ndearnadh aon teagmháil leat .
Má shíleann tú gur gartheagmhálaí thú ach nár chuala tú ón fhoireann rianaithe teagmhála:
Cuir srian le do ghluaiseachtaí (fan sa bhaile)
Baill eile den teaghlach
Mura bhfuil comharthaí COVID-19 ort, ní gá do bhaill eile den teaghlach srian a chur lena ngluaiseachtaí.
Má thagann comharthaí COVID-19 ort, beidh ort féin-aonrú agus beidh ar bhaill eile den teaghlach srian a chur lena ngluaiseachtaí.
Má tá tú ag tabhairt aire do dhuine nach bhfuil in ann féin-aonrú, ba chóir duit féin agus don chuid eile den teaghlach srian a chur ar bhur ngluaiseachtaí ar feadh 17 lá.
Déan é seo ón chéad uair a thosaigh na comharthí nó ón am a fuair siad tástáil dearfach, mura raibh comharthaí orthu.
Is féidir leat a bheith i do ghartheagmhálaí níos mó ná uair amháin. Beidh ort srian a chur le do ghluaiseachtaí gach uair.
Más oibrí riachtanach i gcúram sláinte thú agus gur gartheagmhálaí thú, glaoigh ar do bhainisteoir agus ar an roinn sláinte ceirde. Ná téigh ag obair go dtí go labhraíonn tú leo.
Gartheagmhálaithe le daoine a thaistil ón mBreatain nó ón Afraic Theas
Más gartheagmhálaí tú le duine a fuair tástáil dhearfach tar éis dó/di teacht go hÉirinn ón Bhreatain (Sasana, Albain, An Bhreatain Bheag) nó ón Afraic Theas, glaoigh ar do Dhochtúir Teaghlaigh. Tabharfar tús áite duit le haghaidh tástáil COVID-19 cé nach bhfuiltear ag tástáil gartheagmhálaithe faoi láthair.
Ag maireachtáil le duine atá ina ghartheagmhálaí dearfach
Ní gá duit srian a chur ar do ghluaiseachtaí má tá cónaí ort le, nó má bhí tú i ngartheagmháil le duine ar dúradh leis gur gartheagmhálaí é/í. Is féidir leat dul ag an obair, scoil, réamhscoil nó ionad cúraim leanaí mura bhfuil comharthaí ort.
Má thagann comharthaí ar an ngartheagmhálaí, beidh air féin-aonrú agus glaoch a chur ar an dochtúir teaghlaigh. Beidh ortsa srian a chur le do ghluaiseachtaí.
Teagmháil Fhánach
B’fhéidir go raibh tú i dteagmháil le duine a bhfuil COVID-19 air, ach nach gartheagmhálaí thú de réir an tsainmhíniú. Is teagmháil fhánach é seo.
Más teagmhálaí fhánach tú, ní gá duit srian a chur le do ghluaiseachtaí. Lean an chomhairle sláinte maidir le conas tú féin agus daoine eile a chosaint Más teagmhálaí fánach thú, níl aon ghá an tástáil a dhéanamh.
Ábhair Ghaolmhara
Má tá tú ag féin-aonrú agus daoine eile sa teach leat
Ag cur cóir leighis ar na comharthaí sa bhaile
Uasdátaithe: 14 Eanáir 2021