Skip to main content

Fiabhras Léana

Is frithghníomhú ailléirgeach atá sa Fiabhras Léana a tharlaíonn de bharr pailin ag dul i dt eagmháil le do bhéal, do shrón, do shúile agus do scornach. Is púdar mín ó phlandaí atá sa phailin.

Bíonn Fiabhras Léana níos measa idir mí Mhárta agus mí Meán Fómhair, agus nuair a bhíonn sé te, tais agus gaofar ach go h-áirithe. Bíonn an t-áireamh pailine is airde ann sa reímhse seo.

Comharthaí sóirt an Fhiabhrais Léana

I measc na gcomharthaí fiabhrais tá:

  • Sraothartach agus casacht
  • Srón smaoiseach nó plúchta
  • Súile tochasacha, dearg nó uisciúil
  • Scornach, béal, srón agus cluasa tochasacha
  • Gan boladh a thabhairt faoi dearahrath
  • Pian timpeall d’uisinn agus baithis (clár d’éadan)
  • Tinneas cinn
  • Tinneas cluaise
  • Tuirse

Asma agus fiabhras léana

Má tá asma ort, b’fhéidir go mbeadh:

  • Teannas sa chliabhrach ort
  • Giorra anála ort
  • Cársán agus casacht

D’fhéadfadh fiabhras léana maireachtáil ar feadh seachtainí agus míonna. Imíonn slaghdán tar éis 1 go 2 seachtain.

Cóir leighis d’Fhiabhras Léana

Níl aon chóir leighis ann faoi láthair d’fhiabhras léana agus ní féidir leat é a sheachaint. Is féidir rudaí éagsúla a dhéanamh chun na comharthaí tinnis a cheansú le linn tréimhse áireamh pailine ard.

Chun comharthaí fiabhras léana a cheansú:

  • Cuir veasailín(Vaseline) timpeall do pholláirí chun breith ar an bpailin
  • Caith spéaclaí gréine timfhillte chun na súile a chosaint ón bpailin
  • bíodh cithfholcadh agat tar éis a bheith amuigh faoin aer, agus athraigh do chuid éadaigh chun fáil réidh leis an bpailin
  • Fan istigh más féidir
  • Coinnigh fuinneoga agus doirse dúnta más féidir
  • Déan folúsghlanadh go minic
  • Dustáil le héadach tais
  • Ceannaigh scagaire pailine le haghaigh gaothairí an chairr
  • Ceannaigh folúsghlantóir le scagaire HEPA(scagaire ardéifeachtúil cáithníní aeir) (is féidir leo seo breith ar na truailleáin )

Ar mhaithe le comharthaí fiabhras léana a cheansú :

  • ná bain féar nó ná siúl ar an bhféar
  • ná caith an iomarca ama amuigh
  • ná coinnigh sa teach
  • ná caith tobac agus fan amach ó dhaoine atá ag caitheamh – bíonn na comharthaí níos measa da bharr
  • ná triomaigh d’Éadaí amuigh faoin aeir – ar eagla go dtitfeadh pailin orthu
  • ná lig peataí isteach sa teach más féidir – d’fhéadfadh siad pailin a thabhairt isteach sa teach

Cén uair ar chóir dul chuig cógaslannaí

Labhair le do chógaslannai má tá fiabhras léana ort. Is féidir leo comhairle a chur ort agus an chóir leoghis is fearr a mholadh m.sh braoiníní frith-hiostaimín, taibléidí nó sprae sróine .

Is féidir leo cabhrú le :

  • Súile tochasacha agus uisciúil agus le sraothartach
  • Srón plúchta

Cén uair ar chóir dul chuig do dhochtúir teaghlaigh

Mura dtagann aon fheabhas ort tar éis an chóir leighis ón gcógaslannaía thógáil , b’fhéidir go mbeidh do dhochtúir teaghlaigh in ann cabhrú leat

Tabhair cuairt ar do dhochtúir teaghlaigh:

  • Má bhíonn do chomharthaí tinnis ag éirí níos measa
  • Mura dtagann aon fheabhas ort tar éis cógais ón gcógaslann a thógáil

Cóir leighis ó do dhochtúir teaghlaigh

D’fhéadfaí do dhochtúir teaghlaigh stéaróidigh a ordú duit. Mura n-oibríonn na stéaróidigh agus cógais eile d’fhiabhras léana duit, b’fhéidir go n-atreoródh do dhochtúir teaghlaigh tú chun imdhion-teiripe a fháil.

Tabharfar dáileoga beaga pailin duit le h instealladh nó i dtaibléid. Eireoidh leat tú imdhíonacht a fháil ón bpailín de réir a chéile. .

Déantar an chóireáil seo sa gheimhreadh de ghnáth timpeall 3 mhí sula a dtosaionn séasúr an fhiabhrais léana.

Rinneadh an t-athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 18/05/2020
Déanfar an chéad athbhreithniú eile: 18/05/2023