Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Féinleithlisiú (fanacht i do sheomra)

Is éard atá i gceist le féinleithlisiú ná fanacht istigh agus fanacht go hiomlán glan ar dhaoine eile. Áirítear leosan na daoine a bhfuil cónaí ort leo. Tugtar féin-choraintín air uaireanta.

Ba cheart duit féinleithlisiú nuair a bhíonn ardriosca ann go bhféadfá COVID-19 (coróinvíreas) a scaipeadh ar dhaoine eile.

Má tá cónaí ort le daoine eile, fan leat féin i seomra inar féidir leat fuinneog a oscailt más féidir ar chor ar bith é. 

Ná téigh amach. Ná fág do theach ach amháin má bhíonn cabhair leighis ag teastáil uait go práinneach, mar shampla, le dul chuig an ospidéal. Iarr ar dhaoine eile dul chuig an siopa nó chuig an gcógaslann duit.

Tuilleadh eolais faoi cén chaoi féinleithlisiú

Cathain ba cheart féinleithlisiú

Ba cheart duit féinleithlisiú:

  • má tá siomptóim COVID-19 ort
  • má tá toradh deimhneach faighte agat ar thástáil le haghaidh COVID-19, fiú mura bhfuil ach siomptóim éadroma ort nó mura bhfuil siomptóim ar bith ort
  • má rinneadh tástáil ort toisc go raibh siomptóim ort agus tá tú ag fanacht le toradh tástála PCR

Déan an méid sin fiú má tá do vacsaíní go léir in aghaidh COVID-19 faighte agat.

Cén chaoi féinleithlisiú

Déan

  • fan sa bhaile, i seomra inar féidir leat fuinneog a oscailt

  • fan glan ar dhaoine eile – go háirithe daoine scothaosta nó aon duine a bhfuil riocht fadtéarmach sláinte air nó uirthi

  • úsáid seomra folctha difriúil le daoine eile i do theaghlach, más féidir

  • clúdaigh do chasachtaí agus sraothanna le fíochán - glan do lámha i gceart ansin

  • nigh do lámha i gceart agus go minic

  • úsáid do thuáille féin - ná roinn tuáille le daoine eile

  • caith masc aghaidhe leighis nó masc aghaidhe análaitheora más gá duit a bheith sa seomra céanna le duine eile le linn na tréimhse féinleithlisithe agus ar feadh 3 lá tar éis duit éirí as bheith ag féinleithlisiú

Ná déan

  • ná téigh amach ach amháin má tá do spás lasmuigh féin agat ar shiúl ó dhaoine eile

  • ná téigh ar scoil ná chuig an obair, seirbhísí reiligiúnacha ná áiteanna poiblí

  • ná téigh chuig na siopaí ná chuig an gcógaslann ar chúis ar bith – iarr orthu an ní atá uait a sheachadadh nó iarr ar dhuine é a bhailiú thar do cheann

  • ná roinn rudaí ar nós bia, miasa ná earraí tí eile

  • ná húsáid iompar poiblí ná tacsaithe

  • ná bíodh cuairteoirí ar bith agat ar d’áit chónaithe

Léigh faoi céard ba cheart duit a dhéanamh má tá cónaí ort le daoine eile agus tú ag féinleithlisiú

Má thosaíonn tú ag aireachtáil tinn

Má thosaíonn tú ag aireachtáil an-tinn, cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh. Go háirithe má thagann athrú ar d'anáil, má thagann saothar anála ort, nó má théann do chasacht in olcas. Ná téigh chuig do dhochtúir teaghlaigh ná chuig an gcógaslann.

Emergency action required: Cuir glao ar 112 nó 999:

  • má tá an-ghiorra anála ort agus mura bhfuil fáil ar do dhochtúir teaghlaigh

Cathain is féidir leat deireadh a chur le bheith ag féinleithlisiú

Ba cheart duit tús a chur le féinleithlisiú a luaithe a thagann siomptóim COVID-19 ort nó a fhaigheann tú toradh deimhneach ar thástáil.

Má tá siomptóim ort

Bí ag féinleithlisiú go dtí nach mbeidh aon siomptóim ort le 48 uair an chloig anuas.

Tá sé ceart go leor deireadh a chur le bheith ag féinleithlisiú tar éis 48 uair an chloig fiú má tá casacht éadrom ort nó má tá do bholadh fós athraithe – uaireanta maireann na siomptóim sin roinnt seachtainí tar éis an ionfhabhtaithe féin.

Má fhaigheann tú toradh deimhneach ar thástáil

Déan féinleithlisiú go ceann 7 lá iomlána, lá 7 san áireamh.

Tosaigh ag comhaireamh ón lá ar tháinig na siomptóim ort den chéad uair. Mura bhfuil siomptóim ort, tosaigh ag comhaireamh 7 lá ón dáta a bhfuair tú an chéad toradh deimhneach ar thástáil.

Is féidir leat deireadh a chur le bheith ag féinleithlisiú tar éis 7 lá más rud é go bhfuil do shiomptóim imithe den chuid is mó nó go hiomlán le 48 uair an chloig.

Tá sé ceart go leor deireadh a chur le bheith ag féinleithlisiú fiú má tá casacht éadrom ort nó má tá do bholadh fós athraithe – uaireanta maireann na siomptóim sin roinnt seachtainí tar éis an ionfhabhtaithe féin.

Tá comhairle ar leith ann maidir le leanaí atá ag féinleithlisiú

Tar éis duit 7 lá a chaitheamh ag féinleithlisiú

Tar éis duit 7 lá a chaitheamh ag féinleithlisiú, beidh tú in ann tosú ag déanamh gnáthghníomhaíochtaí arís.

Nuair a chuirfidh tú deireadh le féinleithlisiú, bí thar a bheith cúramach go ceann 3 lá eile.

Ba cheart duit:

  • srian a chur leis an dlúth-theagmháil a bhíonn agat le daoine eile lasmuigh de do theaghlach
  • cumhdach aghaidhe a chur ort
  • teagmháil a sheachaint le duine ar bith eile a bhfuil baol níos mó ann go mbeadh breoiteacht thromchúiseach air mar gheall ar COVID-19
  • obair ón mbaile ach amháin má tá sé riachtanach dul chuig an obair

Bí thar a bheith cúramach in áiteanna:

  • atá plódaithe
  • atá faoi dhíon
  • atá aeráilte go holc
  • a mbíonn sé deacair dlúth-theagmháil le daoine a sheachaint iontu

Daoine nach féidir leo féinleithlisiú

B'fhéidir nach mbeadh sé indéanta do roinnt daoine a bhfuil COVID-19 orthu féinleithlisiú. Leanbh, duine scothaosta nó duine a bhfuil míchumas air nó uirthi, cuir i gcás.

Lean an chomhairle maidir le cúram a thabhairt do dhuine nach féidir leis nó léi féinleithlisiú

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 29 Márta 2023