Skip to main content

Díhiodráitiú

Cailleann do chorp níos mo leachta ná mar a thógtar sé isteach nuair a bhíonn tú díhiodraítithe. D’fhéadfadh sé seo a bheith tromchúiseach duit mura bhfaigheann tú cóir leighis.

Tá leanaí agus daoine os cionn 65 i mbaol níos mó ó dhíhiodráitiiú. Is dócha go mbeifeá díhiodraítithe má bhíonn comharthaí fliú nó coróinvíris ort .

Comharthaí an díhiodráitiú

I measc na gcomharthaí díhiodráitithe i ndaoine fásta agus leanaí tá:

  • tart
  • fual dorcha buí le boladh láidir
  • meadhrán nó mearbhall
  • ag mothú tuirseach
  • béal, liopaí agus súile tirime
  • beagán fuail, agus níos lú ná ceithre uair sa lá

Is féidir le díhiodráitiú tarlú níos éasca sna cásanna seo a leanas:

  • teocht ard 38 céim Celsius nó os a chionn ort
  • diaibéiteas
  • urlacán nó buinneach
  • ag caitheamh an iomarca ama faoin ghrian (stróc teasa)
  • má ólann tú an iomarca alcóil
  • ag cur go leor allais tar éis aclaíochta
  • ag fual níos minicí de bharr cógais atá á dtógáil agat (fualbhrostaigh)

Laghdaigh an baol díhiodráitithe

Ól leachtanna nuair a bhraitheann tú aon chomhartha díhiodráitithe.

Mura féidir leat deoch a ól go héasca de bhrí go n-airíonn tú tinn nó má bhí tú tinn, tosaigh le bolgaim bheaga agus ansin ól bolgaim níos mó, de réir a chéile.

Is féidir leat spúnóg a úsáid chun cabhrú le do pháiste an leacht a shlogadh.

Ba chóir dóthain a ól i rith an lae ionas go mbeidh dath éadrom soiléir ar d’ fhual.

Ól deoch má bhíonn tú i gcontúirt díhiodráitithe. Mar shampla, má tá tú ag cur amach, ag cur allais nó má tá buinneach ort.

Cúramóirí: déan cinnte go n-ólann an duine faoi do chúram go leor

D’fhéadfadh sé nach dtuigfeadh an duine atá faoi do chúram nach bhfuil sé/sí ag ól go leor leachtanna.

Chun cabhrú leo:

  • déan cinnte go n-ólann siad le linn am béilí
  • déan nós sóisialta de, mar "cupán tae a ól"
  • tabhair bia dóibh a bhfuil neart uisce iontu - mar shampla anraith, uachtar reoite nó glóthach, nó torthaí cosúil le mealbhacán

Is féidir le cógaiseoir cabhrú leis an díhiodráitiú

Má tá tú ag cur amach nó má tá buinneach ort agus má tá tú ag cailleadh an iomarca leachta, ní mór duit an siúcra, na salainn agus na mianraí atá caillte ag do chorp a chur ar ais.

Is féidir le do chógaiseoir máilíní athhiodráitithe béil a mholadh. Is púdar atá anseo a mheascann tú le huisce agus ansin ólann tú é .

Fiafraigh de do chógaiseoir cé na cinn is oiriúnaí duit féin nó do do pháiste.

Cathain a ba chóir cúnamh leighis a fháil

Téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh mura bhfeabhsaíonn do chuid comharthaí le cóir leighis agus:

  • tá tú ag mothú níos tuirsí ná mar is gnách
  • tá mearbhall ort agus tá tú trína chéile
  • tá meadhrán ort nach n-imíonn nuair a sheasann tú
  • ní dhearna tú aon fhual i rith an lae
  • tá do chuisle lag nó tapa
  • tá taomanna ort

Is comharthaí iad seo de dhíhiodráitiú tromchúiseach a bhfuil cóir leighis ag teastáil uathu go práinneach.

Díhiodráitiú i leanaí

Leanaí faoi cúig bliana d’aois a bhfuil díhiodráitiú orthu

Ba chóir do leanaí faoi 5 bliana d’aois neart leachtanna a ól chun díhiodráitiú a sheachaint.

Bíonn díhiodráitiú coitianta i measc leanaí óga. Is féidir leis seo a bheith tromchúiseach mura ndéileáiltear leis go tapa.

Téigh i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh go práinneach má bhíonn do pháiste:

  • codlatach
  • ag análú go tapaidh
  • nuair a bhíonn do pháiste ag caoineadh ní bhíonn aon deora nó cúpla deor leo
  • Fontanelle brúite isteach (an spota boga ar chloigeann an pháiste)
  • béal tirim
  • fual buí dorcha nó gan aon fhual le 12 uair an chloig anuas
  • lámha agus cosa fuara nó cuma smálaithe orthu

Chomh luath agus a bheidh cóir leighis faighte don díhiodráitiú , beidh ar do leanbh neart leachtanna a ól.

Déan

  • lean den chothú cíche nó ag úsáid bainne foirmle - déan iarracht beagán cothaithe a thabhairt níos minice ná mar is gnách
  • Tabhair bolgaim bheaga uisce do leanaí atá ar bhainne foirmle nó ar bhia tirim
  • Tabhair an gnáth-aiste bia do leanaí beaga
  • Tabhair braon beag den tuaslagán athhiodráitithe go rialta chun a chinntiú go bhfaighidh siad an leacht , salainn agus siúcraí atá caillte, - iarr ar do chógaiseoir ceann a mholadh

Ná déan

  • Ná déan an fhoirmle níos laige.
  • Ná tabhair sú torthaí nó deochanna fiosaí do leanaí óga - déanann sé buinneach nó cur amach níos measa.

Rinneadh an t-athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 01/05/2020
Déanfar an chéad athbhreithniú eile: 01/05/2023