Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Deacrachtaí slogtha agus fadhbanna gutha tar éis COVID-19 a bheith ort

B'fhéidir go mbeadh deacrachtaí agat agus tú ag ithe agus ag ól tar éis COVID-19 a bheith ort. D'fhéadfadh sé sin cur isteach ar do ghuth agus ar do chumas cumarsáide. Seans go n-éireoidh tú tuirseach go héasca nó go mbeidh giorra anála ort.

Tá cuid daoine ann a thiocfaidh chucu féin go gasta nach mbeidh an oiread sin tacaíochta uathu. Beidh níos mó ama agus cabhrach ag teastáil ó dhaoine eile agus iad ag teacht chucu féin.

Fadhbanna slogtha

Rud nádúrtha atá ann d'anáil a choinneáil istigh agus tú ag slogadh. Ar an dóigh sin, ní féidir le bia ná leacht dul isteach sna scamhóga.

Má tá deacrachtaí análaithe agat tar éis COVID-19, seans:

  • go mbeadh deacracht agat smacht a choinneáil ar an análú agus ar an slogadh
  • go dtiocfadh giorra anála ort agus tú ag ithe nó ag ól

Más rud é go raibh tú in ospidéal nó in aonad dianchúraim (ICU), d’fhéadfadh na matáin a úsáideann tú le slogadh a bheith ní ba laige ná mar a bhí. Tógfaidh sé am ar na matáin sin teacht chucu féin arís.

Is féidir leat rudaí áirithe a dhéanamh le dul i ngleic le deacrachtaí slogtha sa bhaile.

Ithe nó ól go compordach

Le deacrachtaí slogtha a laghdú:

Déan

  • suigh suas go hiomlán ar chathaoir thacúil

  • tóg súimíní nó greamanna beaga

  • ith nó ól go mall

  • pleanáil go mbeidh béilí agat nuair a bhíonn níos mó fuinnimh agat - ba cheart duit a bheith i do dhúiseacht agus meabhrach nuair a itheann tú

  • stad agus lig do scíth má bhíonn giorra anála nó tuirse ort

  • bíonn blas ar an mbeagán - moltar 3 bhéile atá níos lú agus 3 scroid a bheith agat gach lá

  • bain triail as bia atá níos boige a ithe nach mbeidh ort é a chogaint an oiread sin

  • ná labhair agus tú ag ithe, más féidir, mar gur féidir giorra anála a bheith mar thoradh ar an labhairt

  • dírigh ar do bhéile – déan iarracht fáil réidh le rudaí thart ort a d’fhéadfadh tú a chur ar seachrán

Ithe go folláin agus tú ag teacht chugat féin ó COVID-19

Réama a ghlanadh ó do scamhóga

Cathain ba cheart cúnamh leighis a fháil

Má bhíonn cabhair bhreise uait:

  • labhair le do dhochtúir - má tá tú ag teacht chugat féin sa bhaile
  • labhair leis an bhfoireann a bhí i mbun do chúraim san ospidéal - más rud é gur tugadh cóir leighis duit in aghaidh COVID-19 san ospidéal

Beidh siad siúd in ann tú a atreorú chuig teiripeoir urlabhra agus teanga nó chuig diaitéiteach ag brath ar na riachtanais atá agat.

D'fhéadfadh teiripeoir urlabhra agus teanga athshlánú a mholadh chun do chuid scileanna slogtha, gutha agus cumarsáide a fheabhsú.

Beidh diaitéiteach in ann cabhrú leat mura bhfuil tú ag fáil go leor cothaitheach de dheasca deacrachtaí slogtha. D’fhéadfadh cothú tionchar a imirt ar do théarnamh agus ar do shoghluaisteacht.

Bianna a bhfuil neart fuinnimh iontu is féidir leat a ithe agus tú ag teacht chugat féin

Má tá tú san ospidéal

Abair le do dhochtúir má bhíonn níos mó giorra anála ort le linn béilí nó ina ndiaidh.

Más rud é go raibh feadán ionat chun cabhrú leat anáil a tharraingt (ionsá tiúibe), b'fhéidir go mbeadh deacracht agat a bheith ag slogadh agus an feadán amuigh.

Is minic a fheictear neamhoird slogtha (diosfaige) tar éis feadán anála a bhaint. Labhair le do dhochtúir má leanann tú de dheacrachtaí a bheith agat agus tú ag ithe, ag ól agus ag slogadh. Beidh sé nó sí in ann tú a chur ar aghaidh chuig teiripeoir urlabhra agus teanga le haghaidh diagnóise agus cóireála.

Non-urgent advice: Cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh le comhairle a fháil:

má tá tú ag teacht chugat féin sa bhaile agus:

  • tá fadhbanna slogtha fós agat i ndiaidh duit cloí leis an gcomhairle maidir leis an gcaoi chun bheith ag ithe nó ag ól go compordach
  • bíonn tú ag casacht agus tú ag ithe nó ag ól nó má bhíonn an bia/deoch do do thachtadh
  • bíonn guth fliuch agat i ndiaidh duit a bheith ag slogadh, amhail is dá mbeifeá ag glugarnach
  • bíonn an mothú ann go bhfuil rud éigin greamaithe sa scornach agat agus tú ag ithe nó ag ól
  • bíonn ionfhabhtú cliabhraigh nua ort go minic

Cúram a dhéanamh de do bhéal

Agus tú tinn le COVID-19, seans go raibh ceann acu seo ort:

  • béal tirim nó nimhneach
  • liopaí scoilte
  • bréan-anáil

Tá an cúram béil tábhachtach toisc gur féidir triomacht agus ionfhabhtuithe a sheachaint má dhéanann tú i gceart é. Tá sé thar a bheith tábhachtach más rud é go raibh tú san ospidéal agus go raibh ort masc análaithe a chaitheamh. An chúis atá leis sin ná gur féidir le maisc análaithe an béal a thriomú amach.

Cúram a dhéanamh de do bhéal

Le cúram a dhéanamh de do bhéal:

  • úsáid méid chomh mór le pis de thaos fiacla le do chuid fiacla a scuabadh i ndiaidh gach béile
  • ól neart leachtanna - tóg súimíní beaga rialta
  • bain úsáid as balsam béil má bhíonn do liopaí tirim

Má chaitheann tú cíor fiacla, bain amach í agus glan an chíor fiacla agus do bhéal dhá uair sa lá. Bain amach do chíor fiacla san oíche i gcónaí.

Fadhbanna gutha tar éis COVID-19 a bheith ort

Má bhíonn giorra anála ort, seans go mbeidh sé níos deacra a bheith ag caint. Seans go mbeidh do ghuth lag, ciúin, garbh nó piachánach. Seans nach mbeidh do chaint chomh soiléir agus a bhíodh.

Is minic a fheictear deacrachtaí gutha (diosfóinia) tar éis COVID-19.

Is minic a tharlaíonn siad le fadhbanna eile, amhail:

  • tuirse gutha
  • casacht
  • athlasadh taobh istigh den tsrón (riníteas)
  • giorra anála
  • easpa goile
  • scornach thinn

Má bhí tú san ospidéal agus má bhí feadán de dhíth ort le bheith ag análú, b'fhéidir gur cuireadh isteach ar do laraing nó seans go mbeadh scornach nimhneach ort dá bharr.

Ba chóir go dtiocfadh feabhas ar dheacrachtaí gutha mar a thiocfaidh feabhas ar do chuid siomptóm go ginearálta.

Labhair le do dhochtúir teaghlaigh má leanann tú de dheacrachtaí gutha a bheith agat 2 sheachtain tar éis duit teacht chugat féin arís ó COVID-19.

Beidh sé nó sí in ann tú a chur ar aghaidh chuig teiripeoir urlabhra agus teanga, a bheidh in ann na deacrachtaí gutha a dhiagnóisiú agus a chóireáil. D’fhéadfadh sé go n-oibreodh do theiripeoir urlabhra agus teanga as lámha a chéile le speisialtóir cluaise, sróine agus scornaí le cabhrú leat.

Cúram a dhéanamh de do ghuth

Ól neart uisce ionas go mbeidh go leor uisce i do chorp, rud a chabhróidh le téarnamh do ghutha.

Déan iarracht gan:

  • béicíl nó do ghuth a bhrú amach
  • do scornach a ghlanadh rómhinic - ól uisce nó déan aon chasacht mhór amháin ina ionad
  • cogarnach d'aon ghnó - ní dhéanann sé sin do ghuth 'a chosaint' agus is é fírinne an scéil go gcuireann sé brú ar an laraing
  • cuid mhór caiféine nó alcóil a ól
  • tobac nó galtoitín a chaitheamh
  • losainní agus craosfholcthaí íocleasaithe – d’fhéadfá tuilleadh brú a chur ar do ghuth mar gheall ar an bhfaoiseamh a thabharfaidís duit
  • aer te nó aer tirim
  • timpeallachtaí deannachúla

Labhairt níos soiléire

Más mian leat go mbeidh daoine in ann tú a chloisteáil ar bhealach níos fearr, is féidir leat triail a bhaint astu seo:

  • a bheith i do shuí suas díreach agus anáil a tharraingt sula labhróidh tú
  • an torann cúlra a laghdú agus tú ag caint le daoine eile
  • stopadh, scíth a ligean agus iarracht a dhéanamh níos déanaí má bhíonn do ghuth tuirseach

Má tá do ghuth iontach piachánach nó lag, déan iarracht gan labhairt i gcomhráite fóin agus físchomhráite. Déan iarracht roghanna téacsbhunaithe a úsáid ina n-áit.