Skip to main content

We use strictly necessary cookies to make our site work. We would also like to set optional cookies (analytical, functional and YouTube) to enhance and improve our service. You can opt-out of these cookies. By clicking “Accept All Cookies” you can agree to the use of all cookies.

Cookies Statement and Privacy Statement

COVID-19 (coronavirus): restrictions are in place nationwide. Get advice to stop the spread 

Córas Imdhíonachta Lag agus COVID-19

Uasdátaithe: 9 Samhain 2020

D’fhéadfadh sé go mbeadh tú i mbaol níos mó tinneas tromchúiseach a fháil ón choróinvíreas má tá do chóras imdhíonachta lag.

Is iomaí cúis atá le córas imdhíonachta lag. (imdhíon-sochta).

Ina measc:

  • Cóir leighis d’ailse
  • Cóir leighis do ghalair uath-imdhíonachta, amhail airtríteas réamatóideach, lúpus, scléaróis iolrach(MS) agus galair athlastach putóige
  • VEID – mura bhfuil cóir leighis éifeachtach á fháil agat
  • Má fuair tú aistriú orgáin nó aistriú smeara

Cóir Leighis Imdhíon-sochta agus Stéaróidigh

Níl aon fhianaise ann go bhfuil contúirt bhreise ann go bhfaighfeá COVID-19 má tá cóir leighis imdhíon-sochta á fháil agat.

Ná stop agus ná athraigh do chógais ach amháin ar chomhairle ó do dhochtúir. Má stopann tú do chógais gan comhairle dochtúra, d’fhéadfadh do thinneas briseadh amach arís.

Samplaí de na cógais imdhíon-sochta:

  • stéaróidigh
  • oibreáin bhitheolaíoch
  • meititreacsáit
  • azathioprine

Stéaróidigh

Má thógann tú taibléid stéaróideach gach lá, ba chóir duit a bheith níos curamaí chun ionfhabhtú a sheachaint. B’fhéidir go mbeadh ort cocúnú. Mura bhfuil tú cinnte faoi seo, cuir ceist ar do dhochtúir teaghlaigh. Más oibrí riachtanach tú, glaoigh ar do chomhairleoir nó do dhochtúir teaghlaigh agus labhair leis faoi conas a bheith sábháilte ag do chuid oibre.

Tá sé tábhachtach an dáileog is ísle de na stéaróidigh atá de dhíth a thógáil chun smacht a choinneáil ar do thinneas. Labhair le do dhochtúir má tá ceist agat faoin dáileog atá á thógáil agat.

Coinnigh ag tógáil na stéaróidigh mura ndeir do dhochtúir leat stopadh. Dá n-éireofá as na stéaróidigh go tobann d’fhéadfá éirí an-tinn.

Má éiríonn tú tinn de bharr COVID-19 nó ionfhabhtú eile, lean ar aghaidh ag tógáil na stéaróidigh.

Ná tosaigh ag tógáil stéaróidigh ach amháin ar chomhairle dochtúra.

Tá preidneasólón sna taibléidí stéaróideacha – ainm branda :Deltacortril.

Ní bhíonn imdhíon-sochadh mar thoradh ar stéaróidigh eile ar nós análóirí, de ghnáth. Lean ort ag tógáil na gcógas seo mar is gnáth.

Cóir Leighis Imdhíon-sochta(neamh-stéaróidigh)

Níl aon fhianaise ann faoi láthair go bhfuil tú i mbaol nios mó ó thinneas tromchúiseach má tholgann tú COVID 19, fiú má tá aon cheann d’fhormhór na gcóir leighis imdhíon-sochta eile á thógáil agat..

Ina measc:

  • oibreáin bhitheolaíoch
  • meititreacsáit
  • azathioprine

D’fhéadfadh ionfhabhtuithe eile daoine atá ag fail cóir leighis imdhíon-sochta a dhéanamh an-tinn. Ba chóir duit a bheith cúramach agus cloí leis an gcomhairle maidir le tú féin a chosaint ó COVID-19.

Ba chóir duit do lámha a ní go rialta agus i gceart, scaradh sóisialta a chleachtadh, áiteanna plódaithe a sheachaint agus clúdach aghaidhe a chaitheamh.

Níl dóthain eolais againn fós faoin éifeacht a bhíonn ag COVID-19 ar dhaoine atá ag tógáil cógais mar::

  • rituximab
  • cyclophosphamide
  • alemtuzumab
  • cladribine
  • ocrelizumab

Má thógann tú aon cheann de na cógais seo, ba chóir duit a bheith níos cúramaí chun tú féin a chosaint ó COVID-19. B’fhéidir go mbeadh ort cocúnú. Mura bhfuil tú cinnte faoi seo, cuir ceist ar do dhochtúir teaghlaigh. Más oibrí riachtanach tú, glaoigh ar do chomhairleoir nó do dhochtúir teaghlaigh faoi conas a bheith sábháilte ag do chuid oibre.

Má bhí cógais imdhíon-sochta á dtógáil agat cheana, b’fhéidir go bhfuil tú imdhíon-sochta i gcónaí. D’fhéadfadh seo a bheith amhlaidh go ceann roinnt míonna tar éis duit stopadh ag tógáil an chógais.

Freastal ar aon chóir leighis nó tástáil fola atá eagraithe duit ach amháin mura ndeirtear a mhalairt leat. Glaoigh ar an ospidéal roimh ré de bhrí go bhfuil roinnt seirbhísí athraithe faoi láthair.

Má fhaigheann tú COVID-19

Má fhaigheann tú COVID-19, iarr ar do dhochtúir teaghlaigh nó ar do chomhairleoir an bhfuil aon mholtaí acu maidir le do chóir leighis a athrú. Déan é seo sula dtógann tú an chéad dháileog eile den chóir leighis.

Ag tabhair aire do do mheabhairshláinte

Níl sé furast ag daoine a bhfuil tinneas fadtéarmach orthu na laethanta corracha seo.

Léigh an chomhairle faoi aire a thabhairt do do mheabhairshláinte le linn ráig an COVID-19..

Rinneadh an t-athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 17/11/2020
Déanfar an chéad athbhreithniú eile: 17/11/2023