Úasdátú deireannach: 2 Feabhra 2021
Is ionann féin-aonrú (fan i do sheomra) agus fanacht taobh istigh gan teagmháil ar bith le daoine eile ina n-áirítear daoine a chónaíonn leat. Má tá cónaí ort le daoine eile, fan asat féin i do sheomra agus oscail an fhuinneog más féidir.
Cathain a ba chóir duit fanacht asat féin
Beidh ort fanacht asat féin má tá baol ann go bhféadfá an víreas a scaipeadh ar dhaoine eile:
Fan asat féin:
- má tá comharthaí tinnis COVID-19 ort
- má tá tú ag fanacht ar choinne tástála agus ar do thorthaí tástála.má tá comharthaí COVID-19 ort
- Má fhaigheann tú toradh dearfach ar an tástáil, fiú má tá comharthaí tinnis éadrom ort nó mura bhfuil aon chomhartha ort
- Má tháinig tú go hÉirinn ón Bhreatain , ón Afraic Theas nó ón mBrasaíl
- Más gartheagmhálaí tú le duine a fuair tástáil dearfach de Covid-19 a tháinig go hÉirinn ó Brazaíl nó ón Afraic Theas.
Beidh ar dhaoine a thagann go hÉirinn ó thír nach bhfuil ar an liosta glas srian a chur lena ngluaiseachtaí. Ní gá dóibh fanacht astu féin mura bhfuil comharthaí COVID-19 orthu.
Mura gá duit féin-aonrú roimh an tástáil
Má tá tástáil á déanamh ort mar ghartheagmhálaí agus nach bhfuil aon chomhartha COVID-19 ort féin, ba chóir duit srian a chur le do ghluaiseachtaí. Ní bheidh ort fanacht asat féin ach amháin má thagann comharthaí COVID-19 ort.
An difríocht idir féin-aonrú agus srian a chur le do ghluaiseachtaí.
Má thagann tú go hÉirinn
Tá an chomhairle seo á tabhairt de bhrí go bhfuil cineálacha nua COVID-19 sna tíortha seo.Tá na cineálacha nua seo de COVID-19 ag scaipeadh níos tapúla ná na cineálacha eile, agus dá bhrí sin tá níos mó contúirt ag baint leo.
Tá srianta agus comhairle níos déine i bhfeidhm anois do dhaoine a thagann go hÉirinn ón Bhreatain, ón Afraic Theas nó ón Bhrasaíl. Tá an chomhairle seo á tabhairt de bhrí go bhfuil cineálacha nua COVID-19 sna tíortha seo.
Ní gá duit féin-aonrú má thagann tú go hÉirinn ó aon thír eile agus nach bhfuil aon chomharthaí ort. Ach b’fhéidir go mbeadh ort srian a chur le do ghluaiseachtaí.
Tá comhairle faoi thaisteal ar gov.ie
Conas féin-aonrú
Déan
Fan sa teach i seomra leis an fhuinneog oscailte.
Fan amach ó dhaoine eile go mór mhór ó dhaoine aosta agus daoine a bhfuil tinneas fadthéarmach orthu
Glaoigh ar do dhochtúir teaghlaigh chun comhairle a fháil maidir le tástáil don choróinvíreas
Más féidir, ná húsáid an seomra folctha céanna leis an chuid eile den líon tí
Clúdaigh do chasacht agus do shraothartach le ciarsúir pháipéir – glan do lámha mar is ceart ansin.
Abair le do chairde, clann nó tiománaithe seachadta bia nó earraí a fhágáil ag do theach – beidh tú ábalta caint leo má sheasann siad siar ón doras.
Nigh do lámha mar is ceart agus go minic
Úsáid do thuáille féin – ná lig d’éinne eile é a úsáid.
Glan do sheomra gach lá le glantóir nó díghalráin tí.
Ná Déan
Ná téigh amach mura bhfuil d’áit féin agat taobh amuigh le haer úr a fháil
Ná téigh ag obair, ar scoil, chuig seirbhís eaglasta nó áiteanna poiblí.
Ná roinn aon rud le daoine eile. Mar shampla: bia, soithí, gloiní óil nó nithe tí eile
Ná húsáid córas iompar poiblí ná tacsaithe.
Ná tabhair cuireadh chun tí do dhaoine eile.
Bí ag faire amach d’aon chomhartha go bhfuil tú ag éirí níos measa
Má éiríonn tú níos measa glaoigh ar do dhochtúir teaghlaigh. Go háirithe má thagann athrú ar d’análú nó má bhíonn deacracht agat ag análú, nó má éiríonn do chasacht níos measa.
Má bhíonn an giorra anála go dona agus mura féidir leat teacht ar aon duine, glaoigh ar na seirbhísí éigeandála ag 222 nó 999.
Ábhar Gaolmhar
The difference between self-isolating and restricted movements