Má ghlanann tú do lámha cabhróidh tú le srian a chur le scaipeadh na mbaictéar agus na víris atá ina gcúis le hionfhabhtuithe.
Éiríonn na céadta daoine tinn gach lá in Éirinn de bharr ionfhabhtuithe a bhaineann le cúram sláinte. D’fhéadfá tinneas tromchúiseach, fiú bás a fháil leis na hionfhabhtuithe seo.
Is é an bealach is fearr le frídíní díobhálacha a stopadh ó scaipeadh ná trí do lámha a ghlanadh.
Is féidir timpeall 30% go 50% de na hionfhabhtuithe a thosaíonn in ospidéil a sheachaint.
Glan do lámha
Úsáid gallúnach agus uisce nó glóthach láimhe alcóil chun do lámha a ghlanadh go rialta.
Tá alcóil i ndíghalráin láimhe agus tá siad thar a bheith inlasta. Ná húsáid iad in aice le teas nó tine.
Conas do lámha a ní le gallúnach agus uisce
- Fliuch do lámha le huisce te agus gallúnach.
- Cuimil do lámha le chéile go dtí go ndéantar sobal.
- Cuimil barr do lámha, idir do mhéara agus faoi do mhéara.
- Déan é seo ar feadh thart ar 20 soicind.
- Glan do lámha faoi uisce reatha.
- Triomaigh do lámha le tuáille glan nó tuáille páipéir.
Má tá craiceann tirim nó fadhb agat le do chraiceann, úsáid maothóir tar éis do lámha a ní agus san oíche.
Tá físeán ar fáil ag hand hygiene
Sláinteachas lámh sa bhaile
Déan cinnte go nglanann tú do lámha nuair atá tú sa bhaile agus nach bhfuil tú san ospidéal:
- tar éis duit an leithreas a úsáid
- nuair a ghlanann tú suas i ndiaidh do pheataí
- sula réitíonn tú bia, sula láimhseáileann tú bia nó roimh bhéile
- tar éis a bheith ag plé le feoil amh
- tar éis duit iompar poiblí a úsáid
- nuair a fhilleann tú abhaile tar éis bualadh le go leor daoine
Má ghlanann tú do lámha, cabhróidh sé leat na nithe seo a sheachaint:
- Slaghdáin agus fliú
- Tinneas boilg ar nós buinneach noraivíreas
- Ionfhabhtuithe súl ar nós toinníteas
- Tarbhfhríd ar nós MRSA agus VRE
Bíonn na hionfhabhtuithe seo ar pháistí go minic Ba chóir do thuismitheoirí agus d'oibrithe cúraim leanaí a chinntiú i gcónaí go nglanann na leanaí a lámha go rialta.
Sláinteachas lámh in ionaid chúraim sláinte
Othair
Más othar tú a bhfuil ionfhabhtú ort, tacóidh an fhoireann leat agus inseoidh siad duit conas srian a chur le scaipeadh baictéar (frídíní) .
Lean gach treoir a thugann do dhochtúir nó d'altra duit chun cabhrú leat d’ionfhabhtú a choinneáil faoi smacht.
Is é an bealach is fearr le hionfhabhtú a sheachaint agus cosc a chur leis ná:
- Glan do lámha go minic
- Ná déan dearmad do lámha a ghlanadh i gceart tar éis dul go dtí an leithreas agus roimh bhéile
- Úsáid do ghallúnach, flainnín, spúinse agus do rásúr féin
- Ná roinn nuachtáin nó aon rud pearsanta le hothair eile
- Cuir srian ar aon teagmháil le hothair agus fan amach óna leaba
- Inis don fhoireann mura bhfuil na háiseanna san ospidéal nó sa gclinic glan
Tá baol níos lú ann go scaipfidh tú ‘frídíní’ sa bhaile. Ach ba chóir duit do lámha agus leithreas a choimeád glan i gcónaí.
Cuairteoirí
Má tá tú ag tabhairt cuairte ar othar, glan do lámha nuair a théann tú isteach sa bharda agus nuair a fhágann tú. Má tá tú ag tabhairt cuairt fhada nó ag cabhrú le hothar, glan do lámha go rialta agus tú ansin. Is féidir leat gallúnach agus uisce nó glóthach alcóil atá ar fáil san ospidéal / ionad sláinte a úsáid.
Má tá aon salachar ar do lámha nó faoi do mhéara, beidh ort gallúnach agus uisce a úsáid. Is féidir leat a chinntiú ansin go bhfuil siad glanta i gceart trí ghlóthach alcóil a úsáid.
Vacsaín
Laghdaíonn vacsaín ionfhabhtuithe agus tugann siad cosaint duit féin agus do do theaghlach. Fiafraigh don dochtúir nó don chógaslannaí an bhfuair do pháiste gach instealladh cuí.
Fiafraigh don dochtúir nó don chógaslannaí ar chóir duit vacsaín fliú na bliana seo a fháil nó vacsaín chun tú a chosaint ó niúmóine. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach do sheandaoine nó dóibh siúd le tinnis sláinte fadthéarmacha.