Uasdátú: 31 Lúnasa 2020 ag 5.15in
Srianta áitiúla chun stop a chur le scaipeadh an choróinvíreas
D'fhéadfá an víreas a fháil ó dhuine a bhfuil an víreas air má bhíonn gartheagmháil agat leis. Scaiptear é i mbraoiníní ó do shrón agus do bhéal m.sh nuair a bhíonn duine ag caint os ard, ag canadh, ag béicíl, ag casacht nó ag sraothartach.
Is féidir an víreas a fháil ó dhromhchla a ndearna duine leis an víreas casacht nó sraothartach air.
Is féidir leis an víreas a bheith i mbraoiníní a thiteann ar dhromhchlaí ina dtimpeall. Má leagann tú do lámh ar do shúile, srón nó béal, d’fhéadfá an víreas a fháil freisin.
Is féidir le clúdach aghaidhe tú a chosaint ach ba chóir duit na rudaí atá riachtanach a dhéanamh i gcónaí chun cosc a chur le scaipeadh an víris.
Ina measc seo:
- scaradh sóisialta
- Clúdaigh do chasacht agus do shraothartach.
- nigh do lámha i gceart
- ná cuir do lámha in aice le do shúile, srón nó béal mura bhfuil siad glan
Is féidir leis an víreas scaipeadh go héasca in áiteanna plódaithe. Seachain áiteanna plódaithe más féidir. Fág an áit má bhíonn sé plódaithe agus mura féidir fanacht amach 2 mhéadar ó dhaoine eile.
Tá srianta leibhéal 3 i bhfeidhm i ngach contae sa stát. Tá tuilleadh eolais ar gov.ie maidir leis na leibhéil srianta ar fud an Stáit.
Cén fhad atá an víreas in ann maireachtáil
Is féidir le díghalráin simplí tí an víreas a mharú ar dhromchlaí. Glan an dromchla ar dtús agus ansin úsáid dífhabhtán.
Is féidir leis an Choróinvíreas maireachtáil ar feadh:
- suas le 72 uair a chloig ar phlaisteach agus cruach dhosmálta.
- níos lú ná 4 uair a chloig ar chopar
- níos lú ná 24 uair a chloig ar chairtchlár
Foghlaim conas tú féin agus daoine eile a chosaint ón gcoróinvíreas.
Peataí agus an coróinvíreas
Níl aon fhianaise ann gur féidir le peataí ar nós cait agus madraí an coróinvíreas a scaipeadh i measc daoine.
Le cosaint níos fearr a thabhairt duit féin, nigh do lámha i gceart agus go minic nuair a bhíonn tú i dteagmháil le peataí.
Léigh comhairle maidir le conas do lámha a ní i gceart.
Ábhair ghaolmhara
Siopadóireacht go sábháilte le linn ráig an choróinvíris