Fan sa bhaile – tá Éirinn ar leibhéal 5.
Léigh faoi shrianta reatha an rialtais ar gov.ie
Uasdátú is déanaí: 5 Feabhra 2021
Má bhíonn aon chomhartha COVID-19 (coróinvíreas) ort ba chóir duit fanacht asat féin agus glaoch a chur ar do dhochtúir teaghlaigh láithreach. Déarfaidh do dhochtúir leat an bhfuil gá tástáil COVID -19 a shocrú.
Léigh faoi chonas tástáil a shocrú.
Beidh ar na daoine eile sa teach srian a chur lena ngluaiseachtaí (fanacht sa bhaile).
Gnáthchomharthaí
Is iad na comharthaí is coitianta den Coróinvíreas ná:
- Fiabhras (Teocht Ard 38 céim Celsius nó níos mó)
- Casacht - Aon saghas casacht, ní gá go mbeadh sé tirim
- Giorra Anála nó deacrachtaí anála
- Níl an blas nó an boladh céanna ar rudaí–ciallaíonn sé seo gur thug tú faoi deara nach bhfuil tú ag fáil boladh nó blas ar aon rud, nó nach bhfaigheann tú gnáthbholadh nó blas
D’fhéadfadh sé nach mbeadh aon chomhartha ort go ceann14 lá. Tá na comharthaí an- chosúil le comharthaí slaghdáin nó fliú.
Má aimsíonn do dhochtúir teaghlaigh an víreas in am beidh sibh in ann céimeanna a thógáil le srian a chur le scaipeadh an víris.
Glaoigh ar na seirbhísí éigeandála ag 112 nó 999 má tá giorra anála ort. Mar shampla, má tá d’anáil chomh dona sin nach féidir leat abairt a chríochnú.
Ag tabhairt aire dhuit fhéin sa bhaile nuair atá comharthaí COVID-19 ort
Déan comparáid idir comharthaí coróinvíris, fliú agus slaghdán
Comharthaí | Coróinvíreas Comharthaí a théann ó bheith lag go tromchúiseach | Fliú Comharthaí a thagann gan choinne | Slaghdán Comharthaí a thagann go réidh |
Fiabhras/ Fuacht | Coitianta | Coitianta | Annamh |
Casacht | Coitianta (de gnáth tirim) | Coitianta (de gnáth tirim) | Éadrom |
Giorra anála | Coitianta | Ní bhíonn | Ní bhíonn |
Blas caillte | Coitianta | Annamh | Annamh |
Tuirse | Coitianta | Coitianta | Uaireanta |
Pianta | Coitianta | Coitianta | Coitianta |
Scornach thinn | Uaireanta | Uaireanta | Coitianta |
Tinneas cinn | Uaireanta | Coitianta | Annamh |
Srón smaoiseach nó dúnta | Uaireanta | Uaireanta | Coitianta |
Ag mothú tinn / urlacan | Annamh | Uaireanta | Ní bhíonn |
Buinneach | Annamh | Uaireanta i bpaistí | Ní bhíonn |
Sraothartach | Ní bhíonn | Ní bhíonn | Coitianta |
Labhair le do dhochtúir teaghlaigh má bhíonn tú buartha faoi aon chomhartah atá ort. Pléifidh sé/sí na comharthaí leat agus molfaidh sé/sí duit cad ba chóir duit a dhéanamh.
Fiabhras agus Comharthaí meiningítis
Tagann fiabhras lag ar roinnt daoine lá nó dhó tar éis dóibh vacsaín an fhliú a fháil. Is gnáth rud é seo.
Is comhartha meiningítis atá sa bhfiabhras.
Déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh láithreach má thugann tú faoi deara na comharthaí seo a leanas chomh maith le fiabhras:
- Tinneas cinn an-ghéar
- Righneas sa Mhuineál
- Solasmhothálach