Foilsithe: 9 Aibreán 2020
Tá gach duine faoi bhrú faoi láthair agus níl sé éasca é seo a láimhseáil mar go n-airíonn muid gan cumhacht, uaigneach, faoi bhrú agus bréan de rudaí.
D’fhéadfadh ár mothúcháin a bheith thuas seal, thíos seal.
Tá go leor againn ag ól níos mó ná mar a bhíodh chun déileáil leis an mbrú seo.
Seo roinnt fáthanna gur cheart duit gearradh siar ar an méid alcóil atá tú ag ól anois:
- B’fhéidir go n-ólann muid alcól nuair a bhíonn muid faoi bhrú nó buartha, ach bíonn tionchar diúltach ag alcól ar mheabhairshláinte agus d’fhéadfadh sé go n-eireodh an strus a bhíonn orainn níos measa dá bharr.
- Nuair a ólann muid an iomarca, d’fhéadfadh muid éirí míchúramach maidir leis an gcomhairle agus na treoirlínte um scaradh sóisialta agus sláinteachas a thugann cosaint dúinn ón choróinvíreas.
- Bíonn tionchar diúltach ag alcól ar ár gcodladh, agus dá bharr seo, ní bhíonn muid nach mbeidh muid in ann déileáil chomh maith céanna le strus.
- Is féidir le halcól cur isteach ar ár gcóras imdhíonachta agus cur isteach air nuair a bhíonn sé ag dul i ngleic le víris .
- Tá go leor buntáistí sláinte ag baint le stopadh nó gearradh siar ar an alcól
- Is féidir le fadhbanna ólacháin cur isteach ar mheabhairshláinte , agus a bheith ina gcúis le himní, dúlagar, ár n-intinn a chur ar strae, agus athruithe a chur ar ár bpearsantacht agus tionchar diúltach a bheith acu ar na daoine atá ina gcónaí linn.
Socraigh go n-ólfaidh tú níos lú inniu. Seo comhairle chun cabhrú leat:
- Ná bí ag stoc-charnadh. Baineann an chomhairle seo le halcól chomh maith le bia. Is mó an seans go n-ólfaidh muid deoch níos minice má tá sé ar fáil dúinn.
- Aimsigh bealaí chun do scíth a ligean agus a bheith go deas leat féin gan alcól , mar shampla léamh, cluichí boird teaghlaigh nó aclaíocht.
- Déan na gnáth rudaí ar nós codladh, béilí a ithe agus aclaíocht gach lá
- Má ólann tú, cloigh leis na treoirlínte óil seachtainiúla .
- Leag síos rialacha maidir le hól chun cabhrú leat, ná hól deoch roimh 10in, ná hól deoch i rith na seachtaine nó ná hól os comhair leanaí.
Má theastaíonn sé uait, tá cúnamh ar fáil
- Má cheapann tú nach féidir leat stopadh ag ól, déan teagmháil le Líne Chabhrach FnaSS chun tacaíocht a fháil ar 1800 459 459 ó Luan go hAoine idir 9: 30rn agus 5: 30in nó seol ríomhphost chuig helpline@hse.ie
- Má tharlaíonn foréigean i do theach déan teagmháil le Cúnamh na mBan ar 1800 341 900
- Léigh tuilleadh faoi aire a thabhairt do do mheabhairshláinte le linn ráig an choróinvíris.