Uasdátaithe: 2 Feabhra 2021
Níl aon chóir leighis ar leith ar fáil le haghaidh an Choróinvíris. Ach beidh 80% de na daoine ábalta biseach a fháil ón choróinvíreas sa bhaile agus ní bheidh aon ghá dóibh dul isteach san ospidéal.
Beidh na vacsaíní ar fáil i gcéimeanna agus dá bharr sin tógfaidh sé roinnt ama chun an daonra a vacsaíniú .
Léigh níos mó faoin vacsaín COVID -19https://www2.hse.ie/gaeilge/coroinvireas/ag-fil-vacsan-covid-19.html
Má thagann comharthaí ort, ba chóir duit féin-aonrú chun cosc a chur ar scaipeadh COVID-19. Glaoigh ar do DT nó Seirbhís Lasmuigh de Ghnáthuaireanta láithreach chun do chomharthaí a phlé agus chun a chinntiú an bhfuil gá le Tástáil COVID-19 a dhéanamh ort.
An rud is tábhachtaí ná daoine eile a chosaint ón víreas. Tá sé rí-thábhachtach iad siúd atá i ngrúpaí atá i mbaol a chosaint ó COVID-19.
Ba chóir:
- Féin-aonrú
- Faigh dóthain codlata agus am scíthe
- Ól neart uisce chun díhiodráitiú a sheachaint. Ba chóir go mbeadh d’fhual geal-buí nó geal
- Ith go sláintiúil
- Ná caith tobac
- Fan te
- Coinnigh súil ar do chomharthaí tinnis agus glac cóir leighis lena n-aghaidh
Léigh níos mó faoi chomharthaí
- Fiabhras
- Casacht - aon saghas, ní amháin casacht thirim.
- Giorra anála
- Boladh athraithe nó caillte
Má éiríonn do chomharthaí tinnis níos measa
Déan teagmháil le do Dhochtúir teaghlaigh mura dtagann feabhas ar do chomharthai tinnis
Má tá tú i ngrúpa os cionn 60 atá i mbaol, ba chóir duit súil ghéar a choimeád ar do chomharthaí tinnis. Déan teagmháil le do Dhochtúir Teaghlaigh má éiríonn na comharthaí tinnis níos measa.
Léigh faoi cathain ba chóir cabhair leighis a fhail má tá sé de dhíth
Má tá tú i ngrúpa atá i mbaol, ba chóir duit súil ghéar a choimeád ar do chomharthai tinnis. Déan teagmháil le do Dhochtúir teaghlaigh má éiríonn na comharthai tinnis níos measa.
Cógas um chóir leighis
Braitheann an cógas is fearr ar do:
- Comharthaí tinnis
- Deacrachtaí sláinte eile
- Aon chóir leighis eile atá á fháil agat
D’fhéadfadh paraicéiteamól nó ibuprofen cabhrú chun do theocht a ísliú agus faoiseamh a thabhairt duit ó do phianta. Moltar paraicéiteamól mar an chéad chóir leighis don chuid is mó de na daoine.
Léigh na treoirlínte uilig sa bpacáiste sula dtógann tú aon chógas. Glac le comhairle a thugann aon ghairmí sláinte duit.
Antaibheathaigh
Ní oibríonn antaibheathaigh in aghaidh COVID-19 ná aon víris eile. Ní thabharfaidh siad faoiseamh duit ó do chomharthaí tinnis ná ní chabhróidh siad leat biseach a fháil.
Is víreas atá sa COVID-19 agus ní chabhraíonn antaibheathaigh leis.
Iobúpróifein
Tá sé ceart go leor cógais frith-athlastacha (NSAID) a thógáil má tá COVID-19 ort. Níl aon fhianaise ann go bhfuil baol ag baint leis.
Ná tóg ach cógas frith-athlastach amháin ag aon am. Tá sé ceart go leor paraicéiteamól agus cógas frith-athlastach ar nós Iobúpróifein a thógáil le chéile.
I measc na gcógas frith-athlastach tá:
- Iobúpróifein – ainmneacha branda : Nurofen, Actiprofen, Advil, Brufen, Brupro, Buplex, Easofen, agus Fenopine. D’fhéadfadh na hainmeacha :Nurofen, Melfen, Phorpain, Ibugel agus Ibuleve a bheith ar ghlóthach Iobúpróifein
- Naipraicséin – ainm branda: Naprosyn
- Déchlóifeineac – ainmneacha branda: Voltarol, Diclo, Diclac, Cataflam, Difene agus Flector