Uasdátú is déanaí: 24 Lúnasa 2020 ag 4.45in
Má tá tú i mbaol mór ón gcoróinvíreas (COVID-19 , moltar duit cocúnú. Ba chóir duit fanacht sa bhaile an oiread agus is féidir agus fanacht amach ó dhaoine eile.
De réir mar a mhaolaítear na srianta beidh daoine i mbaol níos mó an víreas a fháil de bharr gníomhaíochtaí ar nós:
- ócáid ar nós bainis agus sochraid
- áiteanna plódaithe nach féidir fanacht 2 mhéadar amach ó dhaoine eile
Dá mhéid daoine a bheidh i láthair, is ea is mó an baol. Caithfidh tusa socrú cad is fearr do do shláinte féin.
Ach ba chóir leanacht ar aghaidh le rudaí áirithe chun tú a chosaint ón gcoróinvíreas agus fanacht slán.
Ba chóir do dhaoine atá os cionn 70 bliain d’aois nó leochaileach ó thaobh sláinte de, cúram breise a ghlacadh chun iad féin a chosaint. Tá srianta leibhéal 5 i bhfeidhm i ngach contae sa Stát. Tá tuilleadh eolais ar gov.ie maidir leis na leibhéil srianta ar fud an Stáit.
Na daoine gur gá dóibh cocúnú
Caithfidh tú cocúnú más duine tú atá i mbaol mór (an-leochaileachº) ón gcoróinvíreas.
Mura bhfuil tú cinnte ar chóir duit cocúnú nó nár chóir , labhair le do dhochtúir.
Más oibrí riachtanach tú, faigh comhairle ó Shláinte Saothair.
Labhair le do dhochtúir teaghlaigh má tá tinneas fadthéarmach ar do pháiste agus má tá comhairle uait conas iad a chosaint.
Conas cocúnú
Déan
Fan sa bhaile an oiread agus is féidir.
Is féidir leat bualadh le suas le 6 taobh amuigh má leanann tú an chomhairle thíos .
Is féidir líon beag daoine cuairt a thabhairt ortsa má leanann tú an chomhairle thíos
Caith clúdach aghaidhe nuair a bhuaileann tú le daoine taobh istigh – abair leo clúdach aghaidhe a chaitheamh mura féidir leo fanacht amach 2 mhéadar uait
Má tá gáirdín nó balcóin agat, caith am amuigh faoin aer
Téigh ag siúl nó ar thuras cairr má leanann tú an chomhairle thíos
Coinnigh i dteagmháil le do chlann agus do chairde ar an bhfón nó ar an idirlíon má tá sé agat.
Bog timpeall an oiread agus is féidir leat.
Iarr ar chomharsa, duine i do chlann nó ar chairde aon siopadóireacht nó cógais leighis a theastaíonn uait a fháil nó lean an chomhairle maidir le siopadóireacht thíos
Úsáid d’fhón chun dul i dteagmháil le do dhochtúir teaghlaigh nó seirbhísí eile – ná fág do theach.
Ná déan
Ná téigh chuig imeacht mura féidir leat fanacht amach 2 mhéadar ó dhaoine eile.
Ná bíodh aon teagmháil agat le haonduine atá tinn.
Ná húsáid iompar poiblí, más féidir
Glaoigh ar do dhochtúir má bhíonn aon chomhartha den choróinvíreas ort.
Ag bualadh le daoine ó thithe eile
Buail leis an ngrúpa beag den seisear céanna. Cabhróidh sé seo leat fanacht slán ón gcoróinvíreas.
Má tá tinneas fadthéarmach ort agus má chomhairligh do dhochtúir teaghlaigh duit gan bualadh le daoine eile ba chóir duit comhairle do dhochtúra a leanacht i gcónaí .
Ag bualadh le daoine taobh istigh
Is féidir le cuairteoirí teacht go dtí do theach agus is féidir leatsa dul ar cuairt chuig teach eile.
Caith clúdach aghaidhe nuair a bhuaileann tú le daoine eile taobh istigh nó nuair a bhíonn cuairteoirí i do theach agus nuair a théann tú ar cuairt.
Ba chóir do na daoine a mbuaileann tú leo :
- fanacht amach 2 mhéadar uait más féidir
- clúdach aghaidhe a chaitheamh mura féidir leo fanacht amach 2 mhéadar uait
- a lámha a ní agus sláinteachas maith a chleachtadh
Má shocraíonn tú dul ar cuairt go dtí teach eile, inis dóibh roimh ré go bhfuil tú ag dul. Déan cinnte nach bhfuil éinne ag aireachtáil tinn agus comharthaí an choróinvíris orthu.
Ba chóir duit fanacht amach 2 mhéadar ó dhaoine eile agus do lámha a ní nuair a fhilleann tú ar do theach féin. Ba chóir duit clúdach aghaidhe a chaitheamh mura féidir leat fanacht amach 2 mhéadar ó dhaoine eile agus do lámha a ní nuair a théann tú abhaile .
Níor chóir do dhaoine a bhfuil comharthaí an choróinvíris orthu cuairt a thabhairt ort.
Nuair a imíonn na cuairteoirí, ba chóir duit na dromhchlaí a raibh teagmháil acu leo a ghlanadh. Úsáid do ghnáth ghlantacháin tí agus díghalráin.
Ag bualadh le daoine taobh amuigh
Má shocraíonn tú bualadh le daoine:
- buail le grúpa beag daoine amháin
- ná buail leo ach ar feadh tamaill gearr
- fan amach 2 mhéadar ó dhaoine eile sa ghrúpa
- nigh do lámha nuair a thagann tú abhaile
Ag dul ar shiúlóid
Má théann tú ar shiúlóid, ba chóir duit :
- fanacht amach 2 mhéadar ó dhaoine eile
- fanacht amach ó dhaoine eile an oiread agus is féidir
- fanacht amach ó dhromchlaí
- gan lámh a chroitheadh le daoine
- do lámha a ní nuair théann tú isteach i do theach féin
Ag dul ar thuras cairr
Má théann tú ar thuras i do charr, ba chóir duit:
- taisteal ar do thuras in éineacht le duine a chónaíonn leat nó le duine as do ghrúpa sóisialta
- má bhíonn tú i dtacsaí ba chóir do gach duine clúdach aghaidhe a chaitheamh.
- fanacht amach 2 mhéadar ó dhaoine eile nuair a bhíonn tú amuigh
- do lámha a ní nuair a thagann tú abhaile
Taisteal
Ba chóir duit fanacht sa bhaile an oiread agus is féidir agus fanacht amach ó dhaoine eile. Ach má tá tú chun taisteal i do chontae féin nó go dtí contae eile, faigh amach conas atá an víreas ag scaipeadh sa cheantar sin. Smaoinigh cén bealach is fearr le tú féin a chosaint sula mbuaileann tú bóthar.
Tá an scéal is úire / eolas faoi líon na gcásanna i ngach contae ar fáil anseo ag GOV.ie Gheobhaidh tú an t-eolas sa ráiteas is déanaí ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí.
Iompar Poiblí
Má bhíonn ort taisteal ar iompar poiblí:
- téigh ag amanna nach bhfuil gnóthach, más féidir
- Caithfidh tú clúdach aghaidhe a chaitheamh ar iompar poiblí- sin an dlí.
- fan amach 2 mhéadar ó dhaoine eile
- nigh do lámha nuair a bheidh tú sa bhaile
Bialanna
Sula dtéann tú chuig bialann, cuimhnigh go cúramach faoi na contúirtí.
Ba chóir go mbeadh:
- an bhialann mór go leor chun spás 2 mhéadar a fhágáil idir na boird
- bealach isteach agus amach sábháilte ann ionas gur féidir leat fanacht amach 2 mhéadar ó dhaoine eile
- bearta sláinteachais dian á gcur i bhfeidhm
An baol a laghdú:
- ná fan ach achar gearr
- abair leis an bhfreastalaí go bhfuil tú ag cocúnú
- caith clúdach aghaidhe sa bhialann
- nigh do lámha nuair a théann tú abhaile
Ag siopadóireacht
Má tá tú ag cocúnú, b’fhearr duit iarraidh ar do chairde nó do ghaolta an tsiopadóireacht a dhéanamh duit. De bharr nach bhfuil sé éasca fanacht amach 2 mhéadar ó dhaoine eile sna siopaí.
Má théann tú ag siopadóireacht, ba chóir duit:
- clúdach aghaidhe a chur ort- seo an dlí i siopaí, ionaid siopadóireachta agus ionaid mhiondíola eile ar nós gruagairí agus pictiúrlanna
- dul ag na hamanna atá leagtha amach do dhaoine atá ag cocúnú – seiceáil na hamanna seo i d’ollmhargadh áitiúil
- coinneáil leis na treoirlínte maidir le scaradh sóisialta, agus fanacht amach 2 mhéadar ó dhaoine eile
Ag úsáid seirbhísí nuair nach féidir scaradh sóisialta a chleachtadh
Ní bheidh sé indéanta uaireanta, scaradh sóisialta a chleachtadh m.sh gruagaire. Caithfidh tusa an baol a mheas sula n-úsáideann tú na seirbhísí seo.
Chun an baol a laghdú:
- abair leis an soláthróir seirbhíse go bhfuil tú ag cocúnú nuair a bhíonn tú ag cur do choinne in áirithe
- ná téigh go dtí áiteanna mar seo ró-mhinic
- caith an méid is lú ama agus is féidir sna háiteanna seo
- socraigh do choinne ag am agus lá nach mbeidh mórán daoine ann
- déan cinnte go bhfuil an gnó ag leanacht na treorach náisiúnta maidir le sláinteachas agus go dtuigeann siad do chuid riachtanas
- caith clúdach aghaidhe
- nigh do lámha nuair a théann tú abhaile
Faigh cúnamh agus tú ag cocúnú
Tá tacaíochtaí pobail do dhaoine atá ag cocúnú .
Tá cúnamh ar fáil freisin chun na nithe seo a bhailiúhe
- earraí grósaera,
- cógais a
- nithe riachtanacha eile:
I roinnt cásanna tá cúnamh ar fáil freisin chun faoiseamh a fháil ón scaradh sóisialta.
Léigh níos mó faoi conas a thugann na hÚdaráis Áitiúla cúnamh duit le linn ráig an Choróinvíris.
Cógais agus oidis dochtúra
Rinneadh athruithe chun go mbeadh sé níos éasca duit do chógais agus oidis a fháil.
Cúram Cónaitheacha Fadthéarmach
Má tá cónaí ort in ionad cónaitheach fadthéarmach, labhair le do chúramóir faoi shiúl gearr nó aclaíocht. Beidh siad in ann cabhrú leat cinneadh a dhéanamh faoin rogha atá sábháilte duit
Má thagann do chúramóir ar cuairt chugat.
Lean ar aghaidh le cuairteanna ó dhaoine a thugann cúnamh duit le do riachtanais laethúla. I measc na ndaoine sin tá:
- cúramóirí sláinte
- cúramóirí pearsanta agus
- cúramóirí sóisialta.
Is féidir leis na daoine seo cuairt a thabhairt ort mura bhfuil comharthaí an ghalair orthu
Nuair a thagann cúramóirí ar cuairt, ba chóir dóibh:
- a lámha a ní ar dtús.
- a lámha a ní go minic agus iad i do theach.
- fanacht amach 2 mhéadar uait, más féidir.
Má thagann comharthaí an ghalair ar do chúramóir
Má thagann comharthaí an ghalair ar chúramóir, ní bheidh siad ábalta breathnú i do dhiaidh má bhíonn siad tinn.
Ba chóir dóibh fanacht amach uait go dtí:
- 5 lá gan fiabhras
- 14 lá gan comharthaí an ghalair
Déan teagmháil leis an té a d’eagraigh do chúramóir chun cúramóir eile a fháil duit.
Ba chóir duit liosta a bheith agat de dhaoine eile a thabharfadh aire duit dá n-éireodh do phríomh-chúramóir tinn
Tá réimse tacaíochtaí agus treoracha do chúramóirí ag Family Carers Ireland. Ina measc Emergency Care Plan Booklet (PDF, 781kb, 10 pages).
Má tá tú ag cocúnú agus daoine eile sa teach leat
Cé go bhfuil sé deacair, ba chóir duit gach teagmháil nach bhfuil gá leis a sheachaint le daoine sa teach nuair a bhíonn tú ag cocúnú. Ní mór d’aon duine sa teach cocúnú má:
- tá siad os cionn 70 bliain d’aois
- tá aon cheann de na galair orthu a d’fhéadfadh iad a chur i mbaol mór ón gcoróinvíreas
Má tá duine eile sa teach faoi 70 agus nach bhfuil aon tinneas orthu a chuirfeadh i mbaol iad, ní gá dóibh cocúnú.
Is féidir leo cabhrú leatsa fanacht slán má:
- leanann siad an chomhairle maidir le scaradh sóisialta agus glaineacht lámh sa mbaile.
- chaitheann siad an méid is lú ama agus is féidir i seomraí le daoine eile, mar shampla, sa chistin agus áiteanna suí
- osclaítear fuinneoga chun aer úr a scaoileadh isteach sna spásanna roinnte
- úsáideann siad a dtuáille féin chun a lámha agus gréithre a thriomú
- ghlantar sceanra, soithí, potaí agus scilléid go maith
- ghlantar go maith seomra folctha a usáideann daoine eile gach uair a úsáidtear é, mar shampla, gach dromchla ar a leag tú do lámh
- ghlantar gach rud agus dromchla ar a leagtar lámh go minic (m.sh. lámha doirse, citil agus fóin) le do ghnáth tháirgí glantacháin
Ag fanacht slán agus folláin
- Bíonn sé deacair fanacht sa bhaile agus gan mórán teagmhála a bheith agat le daoine eile.
- D’fhéadfadh sé cur isteach ar do ghiúmar nó ar do mhothúcháin. D’fhéadfadh ísle brí, imní nó deacrachtaí codlata a bheith agat.
Rudaí ar féidir leat a dhéanamh chun fanacht folláin:
- Bog timpeall – éirigh suas agus bog timpeall an oiread agus is féidir
- Téigh ag siúl nó buail le daoine lasmuigh ach fan amach 2 mhéadar ó dhaoine eile
- [Lean ár gcomhairle maidir le aclaíocht sa teach]
- Lean ar aghaidh le do chuid gníomhaíochtaí laethúla, mar is gnách.
- Fan i dteagmháil le do chairde nó gaolta ar an bhfón nó ar na meáin shóisialta
Tá líne chabhrach ag ALONE dóibh siúd a bhfuil imní orthu faoin gcoróinvíreas nó a bhfuil deacrachtaí acu. Déan teagmháil leo ag 0818 22 20 24 Luan go hAoine ó 8r.n. go 8i.n.