Is féidir na cleachtaí solúbthachta seo a dhéanamh sa bhaile chun cabhrú le do shláinte agus chun do shoghluaisteacht a fheabhsú.
Ná bí buartha mura ndearna tú mórán le tamall anuas- tá an aclaíocht seo éasca.
Caith éadaí scaoilte, compordach agus coinnigh buidéal uisce in aice leat. Tóg go bog é i dtosach agus méadaigh an méid aclaíochta a dhéanann tú de réir a chéile.
Déan iarracht an aclaíocht seo a dhéanamh dhá uair sa tseachtain ar a laghad agus déan iad in éineacht le:
- cleachtaí i gcomhair cothromaíochta
- cleachtaí i do shuí
- aclaíocht le tú a láidriú
Rothlú muiníl
Cabhraíonn sé seo le rothlú agus solúbthacht an mhuiníl.
- Suigh suas díreach agus coinnigh do ghuaillí síos. Féach díreach ar aghaidh.
- Iompaigh do cheann go mall i dtreo do ghualainn chlé chomh fada is atá in ann. Déan é ar feadh 5 soicind agus tosaigh arís.
- Iompaigh do cheann go mall i dtreo do ghualainn dheas, ansin.
Déan 3 rothlú ar gach taobh.
Síneadh muiníl
Cuidíonn sé le matáin atá righin sa mhuinéal a scaoileadh.
- Suigh suas díreach, féach díreach romhat agus coinnigh do ghualainn chlé síos le do lámh dheas.
- Claon do cheann go mall ar dheis agus do ghualainn síos.
- Déan an rud céanna ar an taobh eile.
Coinnigh gach síneadh ar feadh 5 soicind agus déan é - 3 huaire ar gach taobh.
Ag Cromadh ar do leataobh
Cabhraíonn sé le solúbthacht in íochtar an droma
- Seas suas díreach le do chosa leithead na gcorróg óna chéile agus do lámha síos le do thaobh.
- Sleamhnaigh do lámh chlé síos le do thaobh chomh fada is atá in ann. De réir mar a íslíonn tú do lámh, ba chóir go mbraithfeadh tú teannadh sa gcorróg ar an taobh eile.
- Déan an rud céanna le do lámh dheas.
Déan gach síneadh ar feadh 2 shoicind, 3 huaire ar an dá thaobh.
Ag Síneadh do chuid cholpaí
Tá sé go maith do mhatáin atá righin sna colpaí.
- Cuir do lámha i gcoinne balla ionas nach dtitfidh tú. Lúb an chos dheas agus tóg céim siar le do chos chlé, thart ar throigh amháin, agus coinnigh díreach í. Ba chóir go mbeadh an dá chos cothrom ar an urlár.
- Déantar matán an cholpa chlé a shíneadh má choinnítear an chos chlé chomh díreach agus is féidir agus an tsáil chlé ar an urlár.
- Déan an rud céanna leis an gcos eile.