Skip to main content

Cleachtaí cothromaíochta

Is féidir na cleachtaí cothromaíochta seo a dhéanamh sa bhaile chun cabhrú le do shláinte agus chun do shoghluaisteacht a fheabhsú.

Ná bí buartha mura ndearna tú mórán le tamall anuas- tá an aclaíocht seo éasca.

Caith éadaí scaoilte, compordach agus coinnigh buidéal uisce in aice leat. Tóg go bog é i dtosach agus méadaigh an méid aclaíochta a dhéanann tú de réir a chéile.

Déan iarracht an aclaíocht seo a dhéanamh dhá uair sa tseachtain ar a laghad agus déan iad in éineacht le:

Ag siúl go leataobh

sideways walking

  1. Seas le do chosa le chéile, agus do ghlúine lúbtha beagáinín.
  2. Tóg coiscéim go mall réidh ar leataobh , bog cos amháin ar leataobh i dtosach.
  3. Bog do chos eile chomh fada léi

Ná scaoil do chorróga síos agus tú á dhéanamh seo. Tóg 10 gcoiscéim i ngach treo nó bog ó thaobh amháin den seomra go dtí an taobh eile

FINIÚNA simplí

simple grapevine

Is éard atá i gceist leis seo ná siúl ar leataobh agus tú ag cur cos thar do chos eile.

  1. Ar dtús, cuir do chos dheas thar do chos chlé
  2. Ansin, cuir do chos chlé thar do chos dheas

Déan 5 chros-chéim ar gach taobh. Más gá, cuir do mhéara i gcoinne an bhalla le tú a choinneáil i do sheasamh. Is fearr céimeanna beaga a thógáil, mar deanfaidh tú níos mó oibre ar do chothromaíocht ar an mbealach seo.

Siúlóid sáil-le-barraicín

Heel to toe walk

  1. Seas suas go díreach, cuir do sháil dheas ar an urlár díreach os comhair do ladhar chlé.
  2. Ansin déan an rud céanna le do sháil chlé. Déan cinnte go bhfuil tú ag féachaint díreach romhat. Más gá, cuir do mhéara i gcoinne an bhalla le tú a choinneáil i do sheasamh.

Tóg 5 chéim ar a laghad. Bog amach ón mballa de réir mar a thagann feabhas ort.

Ag seasamh ar leathchos

one leg stand

  1. Ar dtús, seas os comhair an bhalla, le do lámha sínte amach agus do mhéara ag bualadh an bhalla.
  2. Tóg do chos chlé, coinnigh do chorróga cothrom agus lúb an chos eile beagán. Cuir do chos ar ais go réidh ar an urlár.

Coinnigh do chos in airde ar feadh 5 go 10 soicind agus déan 3 chleachtadh ar gach taobh.

Céim-suas

step up

Úsáid céim le ráille nó fan in aice le balla más féidir.

  1. Seas suas ar an gcéim le do chos dheas.
  2. Seas suas ansin le do chos chlé
  3. Seas síos arís agus déan arís é

Chun do chothromaíocht a fheabhsú caithfear na céimeanna a thógáil go mall agus ar bhealach rialaithe. Déan suas le 5 chéim ar gach cos.

Rinneadh an t-athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 26/06/2020
Déanfar an chéad athbhreithniú eile: 26/06/2023