Fásann páistí go gasta, agus mar sin teastaíonn bia uathu chun an méid ceart fuinnimh, próitéine agus cothaithigh eile a fháil.
Cabhróidh sé leis na páistí fás, foghlaim agus súgradh má itheann siad bia folláin. Cabhróidh sé freisin le tinnis éagsúla a sheachaint, cosúil le galar croí, diaibéiteas cineál 2 agus ailse nuair a bheidh siad fásta suas .
Is féidir leat pirimid an bhia a úsáid chun béilí agus sneaiceanna a phleanáil do pháistí atá os cionn 5 bliana d’aois.

Conas ithe go maith
Cineálacha bia folláin
Uaireanta bíonn sé deacair ar theaghlaigh gnóthacha bia maith a ithe gach lá. Ach fanfaidh dea-nósanna a fhoghlaimíonn páistí sa mbaile leo ar feadh a saoil.
Céard a mholtar do pháistí a ithe de réir phirimid an bhia :
Smaointe d’oidis
Bia sláintiúil do leanaí
Tá gach tuismitheoir ag iarraidh an rud is fearr dá leanbh agus iad ag fás. Tá an méid a itheann agus a ólann leanaí óga tábhachtach dá sláinte anois agus sa todhchaí.
Lón scoile sláintiúil
Bíonn sé deacair uaireanta lón sláintiúil, suimiúil a thaitneodh le leanaí scoile a chur ar fáil Faigheann leanaí aon trian dá riachtanais chothaithe laethúla óna lón, mar sin tá sé tábhachtach roinnt machnaimh agus pleanála a dhéanamh faoi.
Conas roghanna níos sláintiúla a dhéanamh
Ní bhíonn sé éasca roghanna sláintiúla a dhéanamh go minic. Ní gá a bheith foirfe. Tús a chur le hathruithe atá i gceist leis. Coinnigh leo agus éireoidh leat. Fanfaidh dea-nósanna a fhoghlaimíonn ár leanaí sa bhaile leo ar feadh a saoil.
D’fhéadfadh athruithe beaga ar an aiste bia agus ar ghníomhaíocht do leanaí difríochtaí móra a dhéanamh dá sláinte sa todhchaí. Má fheiceann do pháistí go bhfuil tú gníomhach agus ag ithe bia sláintiúil i gcónaí is dócha go ndéanfaidh siad mar a chéile.
An meáchan cuí do do pháiste
Tá go leor páistí in Éirinn (thart ar dhuine as cúigear) róthrom. Níl a fhios ag a lán tuismitheoirí go bhfuil an iomarca meáchain á iompar ag a bpáistí. I gcás a bhformhór , má itheann siad níos mó bia ná mar a theastaíonn uathu chun fás agus do ghníomhaíocht cuirfidh siad suas meáchan. Má bhíonn páistí róthrom d’fhéadfadh sé fadhbanna sláinte a chruthú dóibh amach anseo.
Iarr ar do dhochtúir teaghlaigh nó altra meáchan agus airde do pháiste a thomhais le linn do chéad chuairt eile. Beidh siad in ann a rá leat an bhfuil do pháiste róthrom nó murtallach.
Úsáidfidh siad cairt fáis le fáil amach an bhfuil meáchan ceart ar do pháiste i láthair na huaire nó an bhfuil sé/sí ró-throm. Má tá do pháiste róthrom, má laghdaítear an méid bia a itheann sé agus má bhíonn sé níos gníomhaí éireoidh leis an meáchan cuí a bhaint amach.
Seiceáil innéacs corpmhaise do linbh (BMI) ar áireamhán meáchain sláintiúil an NHS. Is féidir leat an t-áireamhán seo a úsáid freisin chun do BMI féin a sheiceáil le fáil amach an bhfuil meáchan sláintiúil agat féin.
Bíonn sé deacair labhairt le do pháiste faoi mheáchan. Nuair bhíonn tú ag caint faoi mheáchan le do pháiste , tá sé tábhachtach an bhéim a chur ar an tsláinte.
Ábhair ghaolmhara
Ag caint le do pháiste faoi mheáchan