Tá sé tábhachtach dúinn uilig bia folláin a ithe. Cabhraíonn sé linn fanacht chomh sláintiúil agus is féidir linn. Ach níl sé éasca uaireanta bia folláin a ithe.
Ní itheann ach trian de dhaonra na hÉireann an méid glasraí, sailéid agus torthaí atá molta gach lá. Itheann go leor daoine bia nach bhfuil folláin,ar nós seacláid, cácaí agus brioscaí gach lá.
In Éirinn, tá 62% den daonra fásta róthrom nó murtallach. Tá páiste as gach ceathrar seacht mbliana d’aois, róthrom nó murtallach.
Buntáistí a bhaineann le bia folláin
Cabhróidh bia folláin leat galair áirithe a sheachaint. Má tá páistí agat, leanfaidh siad do dhea-shample maidir le bia folláin a ithe.
D’fhéadfadh na rudaí seo a leanas a bheith mar thoradh ar bhia folláin a ithe.
- meáchan sláintiúil
- níos lú baol go bhfaigheadh duine diaibéiteas cineál 2, galar croí agus ailse
- leibhéal colaistéaróil folláin
- tuiscint níos fearr ar fholláine
Aiste bia, cothú agus do chorp
Tá cothaithigh mar phróitéin, saill agus vitimíní i mbia. Teastaíonn an meascán ceart de chothaithigh ó do chorp chun a bheith sláintiúil agus folláin.
Tá cothaithigh éagsúla i mbianna éagsúla. Má roghnaíonn tú meascán de bhia gach lá, beidh tú ábalta na cothaithigh go léir a theastaíonn uait a fháil chun fás agus a bheith folláin. Sin an chiall atá le haiste bia chothrom .
Cuirtear na cineálacha céanna cothaithigh i ngrúpaí mar a leanas:
- glasraí, sailéid agus torthaí
- gránaigh agus arán lánghráin, prátaí, pasta agus rís
- bainne ar bheagán saille,iógart agus cáis
- feoil gan gheir, éineoil, éisc, uibheacha, pónairí agus cnónna
- saillte, leatháin agus olaí
Faigheann an corp fuinneamh (calraí) ón mbia a itheann tú. Má ghlacann tú níos mó calraí isteach ná mar a úsáideann tú, cuirfidh tú meáchan suas agus beidh tú róthrom. Mura nglacann tú go leor calraí isteach, beidh tú faoi bhun an ghnáthmheáchain. Tá ceachtar acu seo go dona do do shláinte.
Bia folláin a ithe
Dá ndéanfá athruithe beaga ar d’aiste bia, d’fhéadfadh sé difríochtaí móra a dhéanamh do do shláinte anois agus sa todhchaí.
Ábhar gaolmhar
Ag coinneáil gníomhach
Má itheann tú bia folláin chomh maith le bheith gníomhach, cuirfear fad le do shaol.
Faigh amach níos mó faoi bheith gníomhach agus an bealach a gcuidíonn aclaíocht le do shláinte.