Uasdátaithe: 2 Feabhra 2021
Léiríonn an tábla seo na cásanna is coitianta nuair ba chóir do dhaoine féin-aonrú nó srian a chur lena ngluaiseachtaí. Léiríonn sé na príomhrudaí gur chóir dóibh a dhéanamh.
Féin-aonrú (fan i do sheomra) | Cuir srian le do ghluaiseachtaí (fan sa bhaile) | |
Déan é seo nuair |
|
|
Cén áit | I seomra leat féin, más féidir, le fuinneog ar féidir a oscailt, sa bhaile nó laistigh. | Sa bhaile/laistigh. |
Obair nó scoil | Ná téigh ag obair ná ar scoil. Má bhraitheann tú maith go leor le bheith ag obair go cianda nó chun scolaíocht bhaile a dhéanamh – déan sin i do sheomra féin. | Ná téigh ag an obair ná ar scoil, mura bhfuil tú ag obair leat féin agus go bhfuil tú ábalta fanacht amach go hiomlán ó dhaoine eile. Mura bhfuil comharthaí ort agus más oibrí riachtanach tú, labhair le d’fhostóir. |
Aclaíocht lasmuigh | Ná téigh amach le haer úr a fháil mura bhfuil d’áit féin agat taobh amuigh agus fan amach ó dhaoine eile. | Is féidir dul amach chun aclaíocht a dhéanamh leat féin ach fan amach 2 mhéadar ó dhaoine eile |
Ag dul amach ar chúis eile seachas obair nó aclaíocht | Fan i do sheomra an oiread agus is féidir agus ná téigh amach ar aon chúis. | Fan sa bhaile agus ná téigh go dtí siopaí nó cógaslann ach amháin má bhíonn géarghá leis – ordaigh earraí grósaera ar líne nó iarr ar do chlann nó cairde iad a fháil duit. |
Cuartaíocht | Ná tabhair cuireadh do dhaoine cuairt a thabhairt ort agus ná téigh ar cuairt tú féin. | Ná tabhair cuireadh do dhaoine teacht ar cuairt agus ná téigh ar cuairt tú féin. |
Daoine eile sa teach | Caithfidh siad srian a chur lena ngluaiseachtaí agus tástáil COVID-19 a shocrú. | Ní gá dóibh aon ní a dhéanamh mura dtagann comharthaí COVID-19 ortsa. Má thagann beidh ortsa féin-aonrú agus beidh orthusan srian a chur lena ngluaiseachtaí. Má thagann comharthaí ar dhaoine eile sa teach, beidh orthu féin-aonrú. |
Cén uair ar chóir stopadh | Má fuair tú toradh tástála dearfach Coinnigh ort ag féin-aonrú go dtí go mbeidh gan aon fhiabhras ar feadh 5 lá agus go bhfuil 10 lá caite ó tháinig na comharthaí ort. Má fuair tú tástáil de bhrí go raibh comharthaí COVID-19 ort agus go raibh toradh diúltach ar do thástáil: Stop ag féin-aonrú mura mbíonn aon chomhartha ort ar feadh 48 uair a chloig. Tá comhairle dhifriúil do dhaoine a bhfuil cónaí orthu in aonaid cúram cónaithe nó daoine a fuair cóir leighis san ospidéal. | Má fuair tú tástáil de bharr go raibh tú i ngar-theagmháil le duine a raibh COVID-19 air/ uirthi Cuir srian le do ghluaiseachtaí ar feadh 14 lá, fiú má bhí toradh diúltach ar do thástáil. Má tá tú ag tabhairt aire do dhuine nach bhfuil in ann féin-aonrú a dhéanamh. Cuir srian le do ghluaiseachtaí ar feadh 17 lá. Léigh tuilleadh faoi bheith ag tabhairt aire do dhuine nach féidir leis/léi féin-aonrú. |