Fanaigí sábháilte. Coinnigí a chéile slán
Is aip saor in aisce é an Rianaire COVID do d’fhón póca. Cuideoidh sé linn a chéile a chosaint agus srian a chur le scaipeadh an choróinvíris (COVID-19) in Éirinn.
Cuidíonn an aip Rianaithe COVID in éineacht leis na bearta sláinte poiblí atá ann cheana linn go léir fanacht sábháilte nuair a chasann muid le chéile, go sóisialta, ag an obair nó ag taisteal.
Foláireamh faoi ghartheagmháil
Má úsáideann tú an aip:
- gheobhaidh tú foláireamh nuair a bheidh gartheagmháil agat le húsáideoir eile aip a fuair toradh dearfach ar thástáil don choróinvíreas
- beidh tú ábalta aon chomhartha a rianú agus comhairle a fháil conas tú féin agus daoine eile a chosaint
- má fhaigheann tú toradh dearfach ar thástáil don choróinvíreas, beidh tú ábalta foláireamh a chur go hanaithnid chuig úsáideoirí eile aipe a raibh gartheagmháil agat leo.
Foláireamh gartheagmhála – seo mar a bhreathnaíonn sé agus mar a oibríonn an rianú teagmhála
Seiceáil isteach COVID
Rianigh conas a airíonn tú gach lá, faigh amach an bhfuil comharthaí an choróinvíris ort agus faigh eolas iontaofa.
Cén fáth a n-úsáidfeá an aip
Príobháideacht faoi chosaint
Tugann aip an Rianaire Covid cosaint do phríobháideacht na n-úsáideoirí uilig. Dearadh í le do phríobháideacht a chosaint.
Conas a úsáidfear do shonraí
An teicneolaíocht atá in úsáid
Baineann an aip úsáid as BLUETOOTH agus Aitheantais anaithnid chun eolas a bhailiú faoi gartheagmháil le fón ar bith atá ag úsáid an aip.
An teicneolaíocht a úsáidtear san aip
Íoslódáil an aip inniu
- Faigh an aip ó do ghnáth stór aipe
- Roghnaigh an t-eolas ar mian leat a roinnt nó gan a roinnt
- Bí páirteach san obair seo agus cuir srian le scaipeadh an choróinvíris agus coinnigí a chéile slán.