Uasdátaithe: 29 Márta 2021
Cuireann ráig an COVID-19 (coróinvíreas) breis strus ar dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu, ar dhaoine atá faoi mhíchumas agus ar chúramóirí teaghlaigh.
D’fhéadfadh an chomhairle seo cabhrú le cúramóirí agus le teaghlaigh aire a thabhairt do dhuine le riachtanais speisialta le linn na tréimhse seo.
Ag míniú cad atá sa COVID-19
Cinntigh go dtuigeann an duine cad ag tarlú i láthair na huaire.
Úsáid iad seo chun cabhrú leat an coróinvíreas a mhíniú :
- easy to read coronavirus resources from Inclusion Ireland
- a comic strip to explain what coronavirus is (PDF, 1MB, 12 lth)
- easy to read resources that help explain coronavirus from As I Am’s website
Tástáil COVID-19
Labhair faoin tástáil do COVID-19 agus mínigh cad a tharlóidh má bhíonn gá le tástáil a dhéanamh air/uirthi. Má bhíonn air nó uirthi dul chuig ionad tástala, d‘fhéadfadh ról ghníomhaíocht cabhrú leis an bpróiseas tástála a mhíniú roimh ré. Cinnteoidh sé seo nach dtarlóidh aon ní nach rabhthas ag súil leis ar lá na tástála.
- Léigh níos mó faoi thástáil COVID-19
- Download an easy-to-read guide on getting ready to go to the test centre (PDF, 5.61 MB, 17 lth).
- Download an easy-to-read guide on getting ready to go to the drive-in test centre (PDF, 4.36, 18 lth).
Tacaíochtaí atá ar fáil duit
Déan teagmháil le do sholáthróir seirbhíse chun eolas a fháil conas ar féidir leo cabhrú leat. Mura bhfuil soláthróir seirbhíse agat, glaoigh ar d’altra sláinte poiblí nó bainisteoir míchumais FnaSS áitiúil.
Sonraí teagmhála do Sheirbhís FnaSS do Dhaoine faoi Mhíchumas de réir chontae
B’fhéidir go mbeadh do chomhairle contae in ann cabhrú leat má theastaíonn bia nó soláthairtí leighis uait.
Tacaíocht phobail le linn ráig COVID-19
Is féidir glaoch ar na línte cabhracha seo chun comhairle a fháil:
HSELive
Líne chabhrach FnaSS
Fón: 1800 700 700
Cuimsiú Éireann
Is cumann náisiúnta do dhaoine atá faoi mhíchumas intleachtúil atá i gCuimsiú Éireann.
Fón: 0818 55 98 91
Family Carers Ireland
Comhairle phraiticiúil agus tacaíocht dóibh siúd atá ag tabhairt aire do dhaoine ina dteaghlach sa mbaile.
Fón: 1800 24 07 24
ALONE
Líne Thacaíochta do dhaoine scothaosta.
Fón: 0818 22 20 24
Samáraigh
Cabhair don mheabhairshláinte
Fón: 116 123
Barnardos Parent Support
Cabhair do thuismitheoirí chun labhairt le páistí.
Fón: 1800 91 01 23
Parentline
Líne chabhrach do thuismitheoirí.
Fón: (01) 873 3500
Bíodh tuiscint agat ar an mbaol don duine a bhfuil tú ag tacú leis/léi
D’fhéadfadh go mbeadh an duine a bhfuil tú ag tabhairt aire dó i mbaol níos mó ó thinneas tromchúiseach dá bhfaigheadh sé COVID 19. D’fhéadfadh go mbeadh tinneas fadthéarmach orthu nó córas imdhíonachta lagaithe acu.
Comhairle do dhaoine atá i mbaol níos mó ó COVID-19
Faigh amach cad iad a riachtanais eile seachas riachtanais leighis. Má tá imní orthu faoi aon rud, smaoinigh ar bhealaí chun tacú leo. Mar shampla, comhrá físe a bheith acu go rialta le daoine mura féidir bualadh leo go pearsanta.
D’fhéadfadh sé go bhfuair tú glaoch ó do ghnáth sheirbhís cheana féin má tá an duine a bhfuil tú ag tabhairt aire dó/di i mbaol mór, Mura bhfuair, ba chóir duit glaoch a chur ar do sholáthróir seirbhíse chun plean éigeandála a phlé. Mura bhfuil soláthróir seirbhíse agat, glaoigh ar d’altra sláinte poiblí nó ar an mBainisteoir Míchumais sna seirbhísí míchumais áitiúla FnaSS.
Sonraí teagmhála do Sheirbhís FnaSS do Dhaoine faoi Mhíchumas de réir chontae
Páistí faoi mhíchumas
Ullmhúcháin agus gnáthchúrsa an lae
Déan an méid ullmhúcháin is féidir leat nuair atá tú ag déanamh athruithe ar ghnáthchúrsa an lae
Bain úsáid as áiseanna amhairc más féidir, ar nós:
- Cairteanna "Ar dtús agus Ansin" - bealach chun a thaispeáint don pháiste go mbeidh siad ábalta an ghníomhaíocht is fearr leo a dhéanamh má chríochnaíonn siad an chéad ghníomhaíocht
- Féilire le pictiúir ag míniú cad a bheidh ag tarlú
- Leabhar pearsantaithe ina bhfuil coimriú de cad a bheidh ag tarlú
- Áis amhairc le sceideal d’imeachtaí laethúla an pháiste
Cabhraíonn gnáthchúrsa an lae le do pháiste mothú go bhfuil siad sábháilte. Is féidir le gnáthchúrsa an lae cabhrú leo mothú go bhfuil níos mó smachta acu ar rudaí. D’fhéadfadh gnáthchúrsa an lae muinín a thabhairt do do pháiste nach dtarlóidh aon drochrud dó/di.
Cloigh le gnáthchúrsa an lae an oiread agus is féidir leat.
Ba chóir duit leanacht ar aghaidh leis :
- an am codlata agus dúisithe céanna
- na hAmanna béilí céanna
- na hamanna amuigh faoin aer más cuí
- na hamanna chun scíth a ligean agus spraoi
Ná spreag an iomarca iad más féidir.Tabhair rud amháin don pháiste le déanamh ag an am, mar shampla greamáin, dathú nó pictiúirleabhair.
Download a guide for supporting children during COVID-19 (PDF, 2.5 MB, 32 lth).
Find more coronavirus resources for parents on the mid-west disability services website
Áiseanna do pháistí le hUathachas
Bain úsáid as stories to help children with autism understand coronavirus – ón gcarthanacht uathachais: As I Am.
Bain úsáid as comic strip to explain coronavirus to children with autism (PDF, 1MB, 12 lth).
Cuir eagar ar rudaí sa mbaile
Pas Sláinte
Seiceáil go bhfuil Pas Sláinte an té atá faoi do chúram suas chun dáta. Is cáipéis fhisiciúil é seo a léiríonn na tacaíochtaí a theastaíonn ón duine má bhíonn air/uirthi freastal ar thástáil nó dul isteach san ospidéal.
D’fhéadfadh treoir speisialta a bheith anseo mar chabhair le
- gluaiseacht
- ithe
- gléasadh
- dul ag an leithreas
Download a Health Passport (PDF, 609 KB, 8 lth)
Read advice on how to fill out a Health Passport (PDF, 202 KB, 4 lth)
Download a streamlined passport for hospital admission (PDF, 82KB, 1 lth )
Plean Cúraim Éigeandála
B’fhéidir go dteastóidh plean uait maidir le cé a thabharfaidh tacaíocht mura féidir leatsa an cúram a dhéanamh de bharr tinnis.
Family Carers Ireland: tá plean cúram éigeandála anseo do chúramóirí príomhúla.Cabhróidh siad seo le cúramóirí socruithe a dhéanamh maidir le soláthróir cúraim eile agus an t-eolas a ba chóir a bheith aige/aici.
Download an emergency care plan from Family Carers Ireland (PDF, 784 KB, 10 lth).
Uimhir an Dochtúra Teaghlaigh
Déan cinnte go bhfuil uimhir an Dochtúra Teaghlaigh in áit éigin feiceálach.
Cuir postaer in airde
Cuir postaer in áit fheiceálach ag míniú na mbealaí le cosc a chur le scaipeadh an choróinvíris.
Íoslódáil postaer maidir le COVID a chosc anseo (PDF, 1.67 MB, 1 lth)
Ag Seiceáil soláthairtí
Bíodh plean agat maidir leis na daoine ar féidir leat glaoch orthu má theastaíonn nithe riachtanacha uait. Ullmhaigh na nithe a theastóidh uait don tréimhse seo.
D’fhéadfadh na nithe seo a bheith san áireamh:
- soláthairtí riachtanacha do sheachtain nó coicís , earraí bia agus glantacháin ina measc
- Cógais leighis agus cógais a cheannaítear thar an chuntar
- áiseanna coinneálachta, cuimleoga, cataitéir, feadáin beathaithe a mhairfidh mí.
Má fhaigheann tú táirgí coinneálacha ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte de ghnáth, ba cheart go leanfadh sé sin ar aghaidh. Déan teagmháil le d’Oifigeach Coinneálachta má bhíonn aon cheist agat.
Coinní Ospidéil
Tá roinnt coinní ospidéil d’othair athraithe de bharr ráig an COVID 19.
Read more about hospital service disruptions and visiting restrictions
Glaoigh ar do Dhochtúir Teaghlaigh nó speisialtóir má bhíonn aon cheist agat faoi choinní amach anseo.
Gnáth chúrsa an lae
Ullmhaigh clár gnáthchúrsa an lae. Scríobh síos na gnáth imeachtaí a dhéantar gach lá agus déan cinnte go dtuigeann an duine é.
Cabhróidh an chomhairle seo le do phlean:
- gnáthchúrsa an lae a scríobh do gach lá den tseachtain
- Ag cloí leis an am codlata agus dúisithe céanna i gcónaí
- gníomhaíochta fisiciúla agus am scíthe i rith an lae
- Bia sláintiúil, sneaiceanna agus híodráitiú
- Gníomhaíochtaí ar féidir leo a dhéanamh astu féin más féidir – mar shampla, ióga nó péinteáil
Ní mór d’aon gníomhaíochtaí a chuireann tú san áireamh cloí leis na treoirlínte um scaradh sóisialta .
Tabhair aire duit féin
Ní mór duit aire a thabhairt duit féin ionas gur féidir leat aire a thabhairt do dhaoine eile. Fan aclaí agus tabhair aire do do mheabhairshláinte agus glac le haon chabhair a thairgtear duit.
Léigh faoi aire a thabhairt do do mheabhairshláinte le linn ráig COVID-19
Más cúramóir tú a bhfuil comharthaí an COVID-19 ort
Má tá comharthaí COVID 19 ort agus má tá an té a dtugann tú aire dó/di i mbaol an-mhór, déan teagmháil le do ghnáth sholáthróir seirbhíse. Mura bhfuil ceann agat, déan teagmháil le d’altra sláinte poiblí nó an bainisteoir míchumais áitiúil.
Find contact details for your local HSE Disability Service
Má theastaíonn cabhair uait chun plean cúraim nua nó gnáthaimh nua a ullmhú, glaoigh ar Family Carers Ireland ag 1800 24 07 24.
B’fhéidir nach bhfuil an duine a dtugann tú aire dó i mbaol an-mhór agus go bhfuil duine eile sa teach ar féidir leo aire a thabhairt dó/di. Má tá, ba chóir duit féin-aonrú chomh fada agus is féidir.
Má thagann lucht cúraim sláinte nó cúram sóisialta chuig do theach
Tá treoir shoiléir tugtha do lucht cúraim sláinte agus cúram sóisialta a thugann cuairt ar dhaoine sa mbaile maidir le hionfhabhtuithe a chosc agus gach duine a choinneáil slán.
Ba chóir do gach duine cloí leis an gcomhairle maidir le níochán na lámh agus sláinteachais maith. Mura bhfuil an fhoireann ag cloí leis na treoirlínte, déan teagmháil le do sholáthróir chun comhairle a fháil.
Má tá comharthaí COVID 19 ar aon duine i do theach, ba chóir duit glaoch ar:
- Do Dhochtúir Teaghlaigh
- do sholáthróir seirbhíse
Déan é seo láithreach sula dtagann an fhoireann sláinte nó tacaíochta baile. Déantar é seo chun srian a chur le scaipeadh COVID 19.
Trealamh Cosanta Pearsanta
D’fhéadfadh an tAltra Sláinte Poiblí miotóga agus naprún a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil cárta leighis nó cárta do Scéim na dTinneas Fadtéarmach acu.
Léigh níos mó faoi chártaí leighis medical cards agus Scéim na dTinneas Fadtéarmach Long-Term Illness Scheme.
Tacaíochta Airgeadais
B’fhéidir go mbeadh tú in ann tacaíocht airgeadais a fháil:
- más cúramóir tú atá ag tabhairt aire do dhuine atá faoi mhíchumais
- má tá tú faoi mhíchumas agus má chaill tú do phost de bharr COVID 19
Tuilleadh eolais anseo: COVID-19 social welfare supports on the Family Carers Ireland .
Is féidir glaoch a chur freisin ar:
Líne thacaíochta ioncaim na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (DEASP)
Fón: 01 704 3000
Áiseanna mhíchumais atá éasca a léamh
Inclusion Ireland: tá treoirleabhair acu chun cabhrú le daoine atá faoi mhíchumas intleachtúil.
Íoslódáil na treoracha seo atá éasca a léamh: