Uasdátaithe: 22 Deireadh Fómhair
Is féidir le ráigeanna de ghalair thógálacha ar nós an choróinvíris (COVID-19) imní a chur orainn. Is féidir leis seo cur isteach ar do mheabhairshláinte. Ach is féidir leat go leor rudaí a dhéanamh le haire a thabhairt de do mheabhairshláinte le linn an ama seo.
Conas a d’fhéadfadh sé seo cur as do do mheabhairshláinte
Is eachtra nua dhúshlánach atá i scaipeadh an choróinvíris. D’fhéadfadh sé níos mó imní a chur ar dhaoine áirithe seachas daoine eile. Cuimhnigh go bhfuil saineolaithe leighis, eolaíochta agus sláinte pobail ag déanamh a seacht ndícheall chun an víreas a chur faoi smacht. Cuimhnigh air seo nuair a bhíonn imní ort.
Tá athruithe tagtha ar shaol gach duine ar bhealaí éagsúla ach le himeacht aimsire tiocfaidh deireadh leis.
B’fhéidir go n-aireofá:
- níos mó imní
- faoi bhrú
- tú féin ag cuardach comharthaí tinnis ort féin nó ar dhaoine eile go seasta
- níos mó cantail ort
- mímhuiníneach nó míshuaimhneach
- gur ionann do ghnáthphianta agus an víreas a bheith ort
- deacrachtaí codlata
- nach féidir leat tada a dhéanamh nó go bhfuil rudaí ag imeacht ó smacht
- go mbíonn smaointe díchéillí agat
Conas aire a thabhairt do do mheabhairshláinte ag an am seo
Ní mór duit a bheith stuama faoi seo agus eolas cruinn a fháil. Seo cuid de na bealaí ar féidir leat é seo a dhéanamh.
Tá treoracha again freisin faoi :
- Meabhairshláinte dhaoine aosta le linn ráig an choróinvíris
- Meabhairshláinte dhaoine óga le linn ráig an choróinvíris
Faigh an t-eolas is úire ach ná caith iomarca ama ag féachaint ar an nuacht nó na meáin shóisialta
Is féidir leis an eolas uilig maidir le COVID-19 a bheith iomarcach dúinn. D’fhéadfadh sé imní a chur ort gan chúis. Más amhlaidh, roghnaigh am ar leith gach lá nó gach dara lá chun an t-eolas is tábhachtaí a fháil. Uaireanta, ní bhíonn sé éasca idirdhealú a dhéanamh idir fíricí agus ráflaí. Faigh do chuid eolais ó fhoinsí iontaofa ar féidir brath orthu.
Bíonn daoine ag caint faoin imní atá orthu féin nó ag nochtadh tuairimí pearsanta faoi COVID-19 ar na meáin shóisialta. D’fhéadfadh seo cur le d’imní agus do bhuairt. Tá sé tábhachtach rogha cúramach a dhéanamh faoi na daoine a ndéanann tú teagmháil leo ar na meáin sóisialta agus an méid ama a chaitheann tú ar na meáin sóisialta.
Má airíonn tú go bhfuil an chaint uilig faoin gcoróinvíreas iomarcach duit, labhair le duine atá gar duit faoi nó faigh cúnamh.
Lean ort ag déanamh na ngnáth-rudaí
D’fhéadfadh an ráig choróinvíris cur isteach ar na rudaí a dhéanann tú gach lá ar bhealaí éagsúla. Ach b’fhearr duit é dá bhféadfá struchtúr de chineál éigin a bheith ar do lá sna saolta corracha seo.
Tá sé tábhachtach go dtabharfá aird ar do riachtanais agus ar do mhothúcháin féin san am strusmhar seo, ach go háirithe. B’fhéidir go mbeifeá fós in ann rudaí a mbaineann tú taitneamh astu agus a chuireann ar do shuaimhneas tú, a dhéanamh.
D’fhéadfá, mar shampla:
- aclaíocht rialta, agus dul ag siúl
- Téigh a chodladh ag do ghnátham codlata
- ith bia sláintiúil
- ná hól an iomarca alcóil
- Cleacht teicnící suaimhnis ar nós cleachtaí análaithe
- léigh leabhar
- cuardaigh ranganna aclaíochta nó ióga, coirmeacha ceoil, seirbhísí eaglasta nó cuairteanna treoraithe ar líne
- téigh go dtí ranganna má bhíonn tú in ann fanacht amach 2 mh ó dhaoine eile
- aireoidh tú níos fearr má dhéanann tú rud éigin cruthaitheach
Coinnigh i dteagmháil le daoine eile
Is féidir le do chairde agus do chlann cúnamh a thabhairt duit nuair a bhíonn tú faoi bhrú. Coinnigh i dteagmháil leo ag an tráth seo.
Má bhíonn ort stopadh ag bogadh thart nó má tá ort fanacht leat fein, déan iarracht coinneáil i dteagmháil le daoine ar bhealaí eile, mar shampla:
- rphost
- meáin sóisialta
- glaonna físe
- glaonna ar an bhfón
- teachtaireachtaí téacs
Is féidir glaonna físe a dhéanamh chuig go leor daoine ag an am céanna ar aipeanna físe éagsúla.
Laghdóidh sé d’imní agus buairt má labhraíonn tú le daoine eile. Níl gá duit ligean ort féin go bhfuil tú láidir nó go bhfuil tú in ann déileáil le gach rud i d’aonar
Déan iarracht teacht roimh an gciapadh agus tacaigí lena chéile
Tá sé intuigthe go mbraithfeá leochaileach nó faoi bhrú tar éis nuacht faoin ráig a léamh nó a chloisint. Aithin na mothúcháin seo. Meabhraigh duit féin agus do dhaoine eile aire a thabhairt dá sláinte choirp agus mheabhrach.
Ag fáil faoiseamh ó Chaitheamh tobac, ól agus bia
Má chaitheann tú tobac nó má ólann tú, déan iarracht gan níos mó a chaitheamh nó a ól ná mar is gnách. Ní chuideoidh sé seo leat go fadtéarmach.
Is minic go mbíonn baint ag nósanna itheacháin le do chuid mothúchán. D’fhéadfá bia a ithe chun faoiseamh a fháil le linn ráig an choróinvíris. D’fhéadfá meáchan a chur ort agus cur as do do shláinte de bharr a bheith ag ithe chun faoiseamh a fháil. Tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir do mhothúchán agus an méid bia a itheann tú.
Read more about how to eat well
Ná déan breithiúnas
Ná tabhair breithiúnas nó ná glac leis gur daoine áirithe is cúis le scaipeadh an ghalair seo. Is féidir le duine ar bith COVID-19 a fháil is cuma cén aois, insce, náisiúnacht atá acu nó an cine lena mbaineann siad. Ar scáth a chéile a mhaireann muid .
Cúnamh ar líne agus ar an bhfón
Féach ar na tacaíochtaí agus seirbhísí atá ar fáil chun cabhrú leat le linn ráig COVID-19.
Find mental health supports and services that can help during COVID-19 outbreak
Má tá deacrachtaí meabhairshláinte agat cheana agus má tá tú ag úsáid na seirbhísí meabhairshláinte
Má thagann an chrú ar an táirne, cabhróidh sé leat má bhíonn plean réitithe agat.
Rudaí a d’fhéadfá a dhéanamh:
- Ullmhaigh liosta d’uimhreacha fóin na seirbhísí meabhairshláinte, gaolta agus cairde a mbeidh tú ábalta glaoch a chur orthu má bhíonn cúnamh uait
- coinnigh ort ag tógáil aon chógais leighis agus bailigh d’oideas le cúnamh do dhochtúra nó do shíciatraí
- lean ar aghaidh le haon seisiúin chomhairleoireachta nó síciteiripe atá agat
- Gearr siar ar an am a chaitheann tú ag éisteacht leis an nuacht agus ná húsáid aon fhoine ach foinse iontaofa
- cleacht teicnící suaimhnis agus cleachtaí análaithe
- Má théann rudaí chun donais, déan teagmháil le d’fhoireann mheabhairshláinte nó le do dhochtúir teaghlaigh.
Má tá míchumas intleachtúil ort
Má tá míchumas intleachtúil ort, b’fhéidir go mbraithfeá níos mó imní nó bróin mar gheall ar an COVID-19. D’fhéadfá a bheith buartha freisin faoi do theaghlach nó iad siúd atá gar duit.Tá sé tábhachtach aire a thabhairt duit féin.
Déan iarracht leanacht ar aghaidh leis na gnáth rudaí i do shaol,tóg folcadh gach lá agus ith bia folláin.
Coinnigh i dteagmháil le daoine a bhfuil muinín agat astu ar an bhfón nó ar an idirlíon.
Tuilleadh eolais: Inclusion Ireland
Neamhord éigníoch dúghabhálach (OCD) agus an coróinvíreas
Má tá Neamhord Éigníoch Dúghabhálach (OCD) ort, d’fhéadfadh an-eagla a bheith ort:
- go bhfaighfeá an coróinvíreas
- go ndéanfá dochar do dhaoine eile
- nach bhfuil rudaí san ord ceart
Má bhíonn imní ort go dtógfaidh tú an coróinvíreas, beidh tú gafa le:
- glaineacht lámha
- glaineacht
- ag seachaint rudaí ar nós córas iompar poiblí
Ag ní do lámha
D’fhéadfadh sé go mbeifeá ag ní nó ag glanadh do lámha de shíor. Má d’éirigh leat neamhord mar seo a cheansú roimhe seo, d’fhéadfadh sé teacht ar ais ort.
Lean an chomhairle thuas. Nigh do lámha i gceart agus go minic, ach ní gá duit níos mó a dhéanamh ná mar a mholtar.