- Cén fáth ar chóir an aip Rianaire COVID a úsáid?
- Má fhaigheann tú foláireamh maidir le gartheagmháil
- Ag úsáid an aip Rianaithe COVID má fhaigheann tú toradh dearfach ar do thástáil
- Ag rianú do chomharthaí
- An teicneolaíocht a úsáideann Aip an rianaire COVID
- Príobháideachas agus conas a bhainimid úsáid as do shonraí
Aip Rianaithe COVID
Má fhaigheann tú toradh dearfach ar do thástáil COVID-19 (coróinvíreas aimsithe) is féidir leat an aip a úsáid chun do ghartheagmhálacha a roinnt leis an bhfoireann rianaithe teagmhála. Déantar é seo go hanaithnid ag baint úsáide as IDanna randamacha. Ní bheidh aon sonraí a bhaineann le do ghartheagmhálacha ar eolas agat agus ní bheidh do shonraí féin ar eolas acu. Nuair a roinntear do ghartheagmhálaithe tríd na haipe, cinntítear go dtugtar foláireamh dóibh sin a raibh tú i ngartheagmháil leo. Cuireann seo luas faoin rianú teagmhála. Is fút féin atá sé más mian leat é seo a dhéanamh.
Faigh cód uaslódála
Cuirfidh an fhoireann rianaithe teagmhála glaoch ort agus iarrfar sonraí do ghartheagmhálacha ort. Iarrfar ort freisin an bhfuil an aip á úsáid agat.
Má tá an aip agat, seolfar cód uaslódála ar leith chugat ar théacs. Cuireann an chód seo ar do chumas do ghartheagmhálacha a uaslódáil go hainaithnid.
Is iad baill den fhoireann rianaithe teagmhála amháin a eisíonn na códanna uaslódála.
Ag uaslódáil do ghartheagmhálaithe
Nuair a fhaigheann tú an cód uaslódála:
- oscail an aip
- cniog ar an íocón ‘rianaire teagmhála’ ag bun na haipe
- scróláil síos agus cniog ar ‘Uaslódáil d’IDanna randamacha
- cuir isteach do chód uathúil (is féidir leat seo a chóipeáil agus a ghreamú ón téacs)
Uaslódálfar na IDanna randamacha a bhailigh do fón le 14 lá anuas. Insíonn na IDanna seo cé chomh gar agus a raibh tú d’úsáideoirí eile den aip agus an fhad a raibh tú gar dóibh.
Tá do phríobháideachas faoi chosaint
Tá do IDanna randamach anaithnid agus cosnaíonn siad do phríobháideachas nuair a uaslódálann tú iad. Ní bheidh do shonraí phearsanta ar eolas ag aon duine ach amháin má roinneann tú féin iad, FSS san áireamh.
Ní bheidh a fhios ag aon duine:
- d’ainm
- cé a bhuail leat nó a raibh i ngartheagmháil leat.
- na háiteanna a raibh tú
- cé fuair toradh tástála dearfach do COVID-19 (vírís aimsithe)
Uasdátú is déanaí: 11 Feabhra 2021