Skip to main content

Ag rianú do chomharthaí

Uasdátú deireanach: 4 Nollaig 2020

Ag rianú do chomharthaí

  • Cén fáth ar chóir an aip Rianaire COVID a úsáid?
  • Má fhaigheann tú foláireamh maidir le gartheagmháil
  • Ag úsáid an aip Rianaithe COVID má fhaigheann tú toradh dearfach ar do thástáil
  • Ag rianú do chomharthaí
  • An teicneolaíocht a úsáideann Aip an rianaire COVID
  • Príobháideachas agus conas a bhainimid úsáid as do shonraí

Is féidir Aip an Rianaire COVID a úsáid chun fáil amach:

  • conas a mhothaíonn tú gach lá
  • an bhfuil comharthaí COVID-19 (coróinvíreas) ort
  • cad ba chóir duit a dhéanamh

Cén fáth ar chóir duit do chomharthaí a rianú

Nuair a choinníonn tú taifead ar do chomharthaí gach lá:

  • Beidh tú in ann cuimhneamh cén uair a d’éirigh tú tinn
  • Beidh sé úsáideach má bhíonn ort labhairt le do dhochtúir teaghlaigh
  • Cabhróidh sé leat comhairle iontaofa a fháil go tapaidh
  • Cabhróidh sé linn an víreas a mhapáil agus conas a scaipfidh sé a thuar.

Coinneoidh an Aip taifead ar do sheiceálacha-isteach laethúla ar feadh 28 lá ionas gur féidir leat athbhreithniú a dhéanamh orthu. Beidh aon eolas sláinte a roinneann tú anaithnid.

Ní gá duit do chomharthaí a rianú chun go n-oibreodh feidhmeanna eile na hAipe.

Conas a oibríonn seiceáil-isteach COVID

Brúigh an cnaipe 'seiceáil-isteach COVID' ag bun na hAipe.

Tabharfar 2 rogha duit:

  • 'Tá mé go maith, níl aon chomhartha orm'.
  • 'Ní airím go maith inniu'.

Mura bhfuil comharthaí ort

Nuair a roghnaíonn tú 'Tá mé go maith, níl aon chomhartha orm', tiocfaidh deireadh le do sheiceáil-isteach

Má tá comharthaí ort

Má roghnaíonn tú 'Ní airím go maith inniu' , cuirfear 4 cheist ort faoi ghnáthchomharthaí COVID-19.

Tabharfar an chomhairle is déanaí duit bunaithe ar do chomharthaí. Ach má tá comharthaí COVID-19 ort, fan asat féin agus glaoigh ar do dhochtúir teaghlaigh.

Eolas a roinnt go roghnach

Nuair a úsáideann tú an Aip don chéad uair, beidh rogha agat eolas a roinnt faoi:

  • An contae agus baile ina bhfuil cónaí ort
  • D’aoisghrúpa
  • D’inscne

Is tusa a roghnóidh an t-eolas ba mhaith leat a roinnt.

Rinneadh an t-athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 12/02/2021
Déanfar an chéad athbhreithniú eile: 12/02/2024