Skip to main content

Ag láimhseáil eolas sláinte bhréige le linn ráig an choróinvíris

Uasdátaithe: 16 Iuil 2020 ag 9.30rn

Is féidir le heolas bréige a bheith i roinnt ábhar ar líne ar a dtugtar "nuacht bhréige" freisin. Is eolas é seo atá go hiomlán bréagach, nó nach bhfuil iomlán cruinn nó nach dtacaíonn saineolaithe léi.

Tá an tsláinte tábhachtach do gach duine. Sin é an fáth gur fadhb mhór atá in eolas sláinte bréagach nó míthreorach.

Tá sé thar a bheith tábhachtach ceist a chur ar cá as a tháinig an t-eolas seo. Tóg d’am agus seiceáil é i gcoinne foinsí eolais iontaofa f. Cabhróidh sé seo leat cinneadh a dhéanamh an féidir muinín a bheith agat as an gcomhairle.Is féidir linn cabhrú lle stp a chur le scaipeadh eolais bréige má thuigeann muid conas é a aimsiú, mura greideann muid é agus mura roinneann muid é le daoine eile.

An fhadhb le heolas sláinte atá bréigeach

D’fhéadfadh nuacht bhréige faoi shláinte an chomhairle mhícheart a thabhairt duit faoin mbealach is fearr chun breathnú i ndiaidh do shláinte agus do fholláine . Má ghlacann tú leis go bhfuil an t-eolas bréagach fíor d’fhadfadh sé tú a chur ar bhealach d-aimhleasa agus na cinntí contráilte a dhéanamh. D’fhéadfadh sé imní agus mearbhall nach bhfuil gá leis a chur ort freisin.D’fheadfadh sé agus do dhearcadh a athrú le linn ráig an choróinvírismaidir le :

  • an víreas
  • daoine eile
  • conas tú féin agus daoine eile a chosaint

Scéimeanna cama fóin agus idirlín

Tá leas á bhaint ag daoine áirithe as an ráig seo chun eolas príobháideach a fháil uait. Tugtar “fioscaireacht” ar seo.

Ná tabhair do shonraí bainc nó d’uimhir PIN d’aon duine ar an bhfón nó ar líne.

Scéimeanna cama tástála

Ní iarrfaidh aon duine san FnaSS do shonraí bainc ort nó íoc as an tástáil don choróinvíreas.

Cuir glaoch ar HSELive ar 1800 700 700 má bhíonn amhras ort. Ba chóir duit glaoch a chur ar na Gardaí freisin

Cén fáth a gcumann daoine nuacht bhréige

Cumtar eolas bréige agus nuacht bréige chun dul i bhfeidhm ar do thuairimí agus d’iompar.B’fhéidir gp bhfuil daoine a chumann nuacht bhréige ag iarraidh :

  • níos mo daoine a mhealladh i dtreo a suíomh gréasáin - tugtar "cluain chliceála" air seo
  • eolas príobháideach a fháil ó úsáideoirí - mar shampla, "scéim cam fioscaireachta”
  • cur i gcoinne eolas cruinn le heolas bhréagach
  • scaoll a chur ar dhaoine
  • an tóir atá ar an eolas a léiriú ón líon daoine a léann an teachtaireacht

Cén fáth a roinneann daoine nuacht bhréigeach

Roinneann daoine eolas bainteach le sláinte go minic. Bíonn muid ag iarraidh srian a chur le scaipeadh an víris agus dul i ngleic leis trí thacú lena chéile. Déanann muid é seo de ghnáth le croí maith.

Uaireanta bíonn muinín ag daoine as eolas agus roinneann sí é fiú mura bhfuil sé iontaofa.Déanann muid é seo de bharr:

  • tá an t-eolas cosúil lenár gcreideamh nó ár dtuairimí féin
  • ceapann muid go bhfuil sé práinneach cuidiú le daoine eile, go háirithe le daoine scothaosta nó leochaileacha le linn ráig an choróinvíris
  • Measann muid go bhfuil sé cruinn toisc gur roinneadheolas agus fógraí eile cosúil leo ar líne

Fiafraigh cá as a tháinig an t-eolas agus déan do mhacnamh sula ndéanann tú cinneadh an bhfuil muinín agat as sula roinntear é.

Cén chuma a d’fhéadfadh a bheith ar eolas bréagach

Bíonn sé deacair eolas bréagach a thabhairt faoi deara. D’fhéadfadh eolas cruinn agus míchruinn a bheith fite fuaite ina chéile. D’fheadfadh eolas a bheith ann ó fhoinsí iontaofa chomh maith le foinsí neamhiontaofa.

I roinnt teachtaireachtaí ina bhfuil eolas bréagach bíonn tá eolas cruinne measctha le heolas mhíchruinn. Mar shampla, eolas cruinn faoi conas do lámha a ní agus bearta um fscaradh sóisialta measctha le sonraí bréagacha faoin choróinvíris coronavirus nó bearta cosantacha. Bíonn an meascán eolais seo neamh-iontaofa den chuid i mó.

Bíonn teachtaireachtaí eile míchruinn ar fad. Mar shampla, eolas bréagach faoi ghníomhaíochtaí a bhaineann leis na fórsaí armtha, bearta rialtais seachas an treoir oifigiúil agus scéalta faoi chóireáil nach dtacaíonn na saineolaithe leo.

Déanann roinnt teachtaireachtaí atá bréagach iarracht do mhuinín a fháil trí cur ina luí ort gur ó fhoinse iontaofa iad. Mar shampla, dlúthchara nó teaghlach Ghardaínó na fórsaí cosanta. Déantar é trí cur in a luí ort go bhfuil an t-eolasiontaofa agus gur fiú é a roinnt.

Conas eolas bréagach a aimsiú agus déileáil leis

Is é an bealach is fearr le déileáil le heolas bréagach ná gan teachtaireachtaí bhfuil muinín agat astu a roinnt.

Ceistigh an fhoinse

Ceistigh foinse an eolais agus faigh amach cé a scríobh é. An bhfuil siad iontaofa? Mura bhfuil tú cinnte, cuardaigh tuilleadh eolais fúthu.

Cuardaigh foinsí eolais eile

Aimsigh foinsí eolais eile agus iad a chur i gcomparáid leis an teachtaireacht agus seiceáil na fíricí.

Ná roinn teachtaireachtaí slabhrachaNá roinn teachtaireachtaí slabhrach ina bhfuil eolas a bhaineann le sláinte gan foinse iontaofa a bheith luaite ann.

Labhair leis an duine a scríobh an teachtaireacht

Má cheapann tú go bhfuair tú teachtaireacht mhíchruinn, labhair leis an duine a sheol í. Cuir in iúl dó/di go mb’fhéidir nach bhfuil an t-eolas atá ann cruinn. Abair leo dul i dteagmháil le FnaSS nó foinsí eolais oifigiúla eile.

Smaoinigh faoin gcuspóir atá leis an teachtaireachtSmaoinigh an bhfuil an duine ag cuartú airgead uait nó an bhfuil siad ag iarraidh dallamallóg a chur ort. D’fhéadfadh sé freisin go bhfuil an duine a scríobh é ag baint sásamh as seo - tugtar "trolláil" air seo.

Labhair le do chairde agus le do mhuintir

Labhair le do chairde agus do mhuintir faoi theachtaireachtaí sna meán sóisialta nó díospóireachtaí ar líne. Déan cinnte nach bhfuil daoine atá gar duit ag cur a gcuid muiníne in eolas atá bréagach.

Comhairle do thuismitheoirí

Beidh go leor leanaí óga agus déagóirí ag léamh agus ag éisteacht leis an eolas bréagach céanna.

Labhair leo faoi conas déileáil le heolas atá michruinn. Bíodh comhrá oscailte agaibh chun aon imní atá orthu faoin choróinvíreas a phlé.Léigh acmhainn Oifig Sábháilteachta Idirlín na hÉireann faoi nuacht agus eolas bréagach.

Read the Irish Internet Safety Office resource about news and false information.

Foinsí eolais sláinte atá iontaofa

Suíomhanna Gréasáin ar a bhfuil eolas iontaofa faoin choróinvíreas

  • Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte
  • An Roinn Sláinte
  • An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte
  • An Lárionad Eorpach um Rialú Galar

FnaSS ar na meáin shóisialta

Táimid ag ag déanamh fógraíochta ar na meán sóisialta chun teacht ar lucht féachana mór lenár n-ábhar atá bailíochtaithe ag saineolaí faoin choróinvíris.

Táimid ag obair i gcomhpháirtíocht le Google, Twitter, Facebook, Instagram agus TikTok. Treoraítear úsáideoirí in Éirinn anois chuig ábhar hse.ie agus iad ag cuardach eolais faoin choróinvíris ar na hardáin sin.

Mar shampla, má chuardaíonn tú eolas faoin choróinvíris ar Twitter, feicfidh tú ‘Know the facts ’ agus nasc go dtí ár n-ábhar faoin choróinvíris .

twitter screenshot
twitter

Seo mar a bhreathnaíonn sé ar Facebook agus Instagram.

facebook screenshot
facebook

instagram screenshot
instagram

Leanann muid orainn ag foilsiú eolais atá fíorasach ar ár gcainéil shóisialta go léir.

Is féidir leat an t-eolas is úire a fháil trí bheith linn ar:

Facebook

Twitter

Instagram

Bí ar an airdeall faoi choirpigh atá ag ligean orthu féin gur iad an tEagraíocht Dhomhanda Sláinte - WHO.int

ábhar curtha ar fáil ag an Dr. Liam Challenor

Rinneadh an t-athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 30/07/2020
Déanfar an chéad athbhreithniú eile: 30/07/2023