Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Ithe go folláin agus tú ag teacht chugat féin ó COVID-19

Téann sé deacair ar roinnt daoine ithe agus ól go folláin agus iad ag teacht chucu féin ó COVID-19. Is féidir le siomptóim COVID-19 cur isteach ar do ghoile.

Ach beidh ithe go folláin ina chuidiú agat:

  • do neart a fháil ar ais
  • tacú le do chóras imdhíonachta
  • an fuinneamh a thabhairt duit a bheidh ag teastáil uait le filleadh ar do ghnáthghníomhaíochtaí

Tá rudaí ann ar féidir leat triail a bhaint astu d’fhonn cabhrú leat ithe go folláin má tá laghdú ar do ghoile nó má tá do bhlas athraithe de dheasca COVID-19.

Má tá goile maith agat

Ba chóir do d'aiste bia a bheith sláintiúil agus cothromaithe i gcás:

  • go bhfuil tú ag aireachtáil go maith seachas sin
  • go bhfuil goile maith agat (fonn ort bia a ithe)
  • nach bhfuil aon mheáchan caillte agat

Ith béilí agus sneaiceanna go rialta, a n-áirítear leo:

  • méid beag éineola, éisc, uibheacha, cnónna, pónairí nó feola – roghnaigh iasc suas le dhá uair sa tseachtain (is fearr iasc olúil)
  • táirgí déiríochta amhail bainne, iógart, cáis, nó roghanna eile ar tháirgí déiríochta – thart ar 3 sciar ar mhéid bhos na láimhe gach lá
  • aráin chaiscín agus lánghráin, gránaigh, pasta agus rís dhonn
  • go leor torthaí agus glasraí i ndathanna éagsúla – déan iarracht suas le leath do phláta nó do bhabhla a líonadh leo seo ag gach béile
  • méid an-bheag de shaillte, leatháin agus olaí sláintiúla – mar shampla, abhacád, cnónna, ola olóige nó iasc sailleach ar nós bradáin

Ná hith bianna a bhfuil a lán saille, salainn nó siúcra iontu gach lá.

Braitheann an méid bia atá uait ó gach ceann de na grúpaí bia ar d'aois, inscne, leibhéal gníomhaíochta agus aon ailléirgí.

Comhairle maidir le hithe go folláin agus sciartha

Má tá laghdú ar do ghoile

Agus tú ag teacht chugat féin ó COVID-19, d’fhéadfadh sé:

  • go mbeadh laghdú ar do ghoile
  • go mbraithfeá lán ní ba thapúla ná mar is gnách
  • go mbeadh fonn ort gan bacadh le béilí nó sneaiceanna
  • go gcaillfeá roinnt meáchain gan iarracht a dhéanamh é a chailleadh
  • go gcaillfeá neart i do mhatáin

Fad is atá laghdú ar do ghoile, ith aiste bhia a bhfuil cion ard próitéine agus fuinnimh inti. Tugtar aiste bhia chothúil ar a leithéid d’aiste bhia. Cabhróidh sí leat do dhóthain cothaithe a fháil le teacht chugat féin agus cuirfidh cosc ar chailliúint matáin agus meáchain.

Ól neart leachtanna chun go leor uisce a choinneáil sa chorp. Le níos mó cothaitheach a fháil, is féidir leat deochanna atá bunaithe ar bhainne nó roghanna neamh-mhilsithe déiríochta, amhail bainne soighe, a ól freisin.

Coinnigh súil ar do mheáchan agus bí ag faire amach do chomharthaí go bhfuil meáchan á chailleadh agat, do chuid éadaí agus seodra ag éirí scaoilte, cuir i gcás.

Fiú i gcás go bhfuil tá tú róthrom agus ag iarraidh meáchan a chailleadh, ní hé seo an t-am is fearr chun é a dhéanamh. Déan iarracht fanacht ar an meáchan céanna go dtí go bhfuil tú tagtha chugat féin go hiomlán.

Nuair a bheidh tú tagtha chugat féin agus do mheáchan seasmhach, is féidir leat filleadh ar an aiste shláintiúil, chothromaithe bhia thuas.

Leideanna le haghaidh am béilí

Chun cabhrú leat teacht chugat féin:

  • ith méideanna beaga go minic – déan iarracht rud éigin a ithe gach 1 nó 2 uair an chloig. Bíodh sé mar sprioc agat 3 bhéile bheaga agus 3 shneaic bheaga a ithe gach lá
  • ith an bhéile is mó nuair is fearr do ghoile – mar shampla, ith bricfeasta níos mó ná mar is gnách má bhíonn tú níos ocraí ar maidin.
  • déan cinnte go bhfuil tú i do shuí suas díreach agus compordach fad is atá tú ag ithe
  • tabhair am duit féin le bheith ag ithe - seans go bhfuil ort ithe go mall
  • ith bianna cothúla a mbaineann tú taitneamh astu
  • faigh beagán aer úr nó déan gníomhaíocht choirp éasca sula n-itheann tú béile – d’fhéadfadh sé do ghoile a mhéadú
  • roghnaigh bianna áisiúla – mura bhfuil mórán fuinnimh agat, d’fhéadfadh sé a bheith ina chuidiú agat soláthar bianna atá réidh le hithe nó éasca le hullmhú a cheannach

Seans go mbeidh deacracht agat anáil a tharraingt agus bia a shlogadh. Rud nádúrtha atá ann d'anáil a choinneáil istigh agus tú ag slogadh. D'fhéadfadh sé sin cur isteach ar an méid is féidir leat a ithe.

Comhairle maidir le deacrachtaí slogtha tar éis COVID-19

Bianna a bhfuil cion ard próitéine agus fuinnimh iontu

Murar féidir leat ach sciartha beaga a ithe, tá roinnt comhábhar a bhfuil a lán calraí iontu is féidir leat a chur le do bhéilí. Méadóidh sé sin an fuinneamh a fhaigheann tú gan do sciar a mhéadú.

I measc na gcomhábhar a bhfuil a lán calraí iontu is féidir leat a chur le béilí agus le scroideanna tá:

  • cáis
  • púdar bainne bhearrtha curtha le bainne gan bhearradh agus le deochanna bainniúla
  • im
  • uachtar
  • subh
  • mil
  • almóinní meilte
  • imeanna cnó (amhail im piseanna talún)
  • olaí plandúla amhail ola olóige

Áirítear le scroideanna ardfhuinnimh eile:

  • cáis agus craicir
  • custard nó maróg ríse
  • cnónna agus síolta
  • iógart tiubh agus uachtarúil nó iógart ardphróitéine
  • barraí gránach nó flapóga

Íoslódáil leabhar cócaireachta le haghaidh oideas agus comhairle faoi bhéilí ardphróitéine a bhfuil a lán calraí iontu (PDF, 6.5MB, 222 leathanach)

Non-urgent advice: Iarr ar do dhochtúir nó ar d'altra tú a atreorú chuig bia-eolaí i gcás:

  • go bhfuil níos mó ná 5% de do mheáchan coirp caillte agat le 3 mhí anuas – mar shampla, má bhí tú 70kg agus tá níos mó ná 3.5kg caillte agat
  • go bhfuil d'innéacs corpmhaise níos lú ná 20
  • nach bhfuil ag éirí leat ach fíorbheagán a ithe nó dada a ithe le 5 lá anuas

Ríomh d’innéacs corpmhaise - ar safefood.net

Má tá riocht sláinte ort nó má tá tú faoi bhun an ghnáthmheáchain

Má tá bunghalar ort nó má tá tú faoi bhun an ghnáthmheáchain, seans go mbeidh ort labhairt le bia-eolaí. Iarr ar do dhochtúir teaghlaigh nó ar d’altra pobail tú a atreorú más gá. Is féidir le bia-eolaí comhairle shonrach a chur ort faoi do chás.

Forlíontaí cothaitheacha de bhéal

Seans go mbeidh forlíonta cothaitheacha uait sa ghearrthéarma. Féadfaidh do dhochtúir nó do dhiaitéiteach iad sin a ordú duit agus tá fuinneamh agus próitéin iontu d’fhonn forlíonadh a dhéanamh ar d’aiste bhia.

Lean ort le haon chomhairle a thug bia-eolaí duit i rith do thinnis. Sa chás gur ordaíodh deochanna forlíonta cothaitheacha duit san ospidéal nó sa bhaile, lean ort á dtógáil de réir mar a mholtar duit. Iarr comhairle ar do dhochtúir nó ar do bhia-eolaí má tá deacracht agat iad sin a thógáil.

Is féidir stopadh a dtógáil de ghnáth:

  • tar éis duit teacht chugat féin
  • nuair a bheidh do mheáchan seasmhach
  • nuair a bheidh do ghoile ar ais agat

Forlíontaí vitimíní nó mianraí

Ba chóir go bhfaigheadh an chuid ba mhó de dhaoine na cothaithigh go léir a theastaíonn uathu trí aiste bhia chothrom, éagsúil.

Bíodh sin mar atá, is deacair an rud é an vitimín D ar fad a theastaíonn uait a fháil ó bhia amháin.

Má tá tú os cionn 65 bliain d’aois, ba cheart duit forlíonadh laethúil 15 mhicreagram de vitimín D a ghlacadh.

Má tá tú idir 5 agus 65 bliain d’aois, is fútsa atá sé cibé acu an mian leat forlíonadh laethúil 10 micreagram de vitimín D a ghlacadh san fhómhar agus sa geimhreadh nó nach mian.

Comhairle maidir le forlíontaí vitimín D a ghlacadh

Mura mbíonn tú ag ithe ach méideanna beaga nó mura mbíonn tú in ann na grúpaí bia go léir atá molta a ithe, b’fhéidir go smaoineofá ar fhorlíonadh ilvitimíní agus mianraí a ghlacadh. Beidh cógaiseoir, dochtúir nó diaitéiteach in ann comhairle a thabhairt duit maidir le forlíontaí.

Má tá deoch deoch forlíonta cothaitheach ordaithe duit, seans go bhfuil na vitimíní agus na mianraí ar fad ann.

Má tá riocht sláinte ort nó má tá tú ag glacadh cógas, labhair le cógaiseoir, dochtúir nó diaitéiteach sula dtosaíonn tú ag glacadh forlíonadh vitimíní nó mianraí.

Athrú ar bhlas le linn tinnis

Tagann athrú ar bhlas agus ar bholadh daoine áirithe agus iad ag teacht chucu féin ó COVID-19.

Is iomaí athrú a d’fhéadfadh teacht ar do bhlas, amhail:

  • blas agus boladh a chailleadh go hiomlán go ceann roinnt seachtainí
  • blas leamh ar bhianna
  • blas miotalach nó goirt ar bhianna

Is tábhachtach an rud é an bia agus tú ag teacht chugat féin. Fiú mura bhfuil an blas céanna ar an mbia, ba cheart duit leanúint ar aghaidh ag ithe.

Leideanna chun cabhrú le hathruithe ar bhlas a bhainistiú

Roghnaigh bianna a thaitníonn leat agus bain triail as bianna éagsúla arís is arís eile. Seans go dtiocfaidh athrú ar do roghanna ó thaobh blais de agus tú ag teacht chugat féin.

Bain triail as:

Déan

  • éagsúlacht bianna a ithe, idir the agus fhuar

  • cineálacha éagsúla bia, amhail bia briosc nó bia mín

  • tuilleadh salainn, ime nó uachtair a chur ar an mbia – déanfaidh siad níos blasta é fiú má bhí easpa blais air ar dtús

  • an bia a chur i láthair ar bhealach tarraingteach

  • blasanna leamha a ithe, amhail sicín, iasc, tófú agus rís, má tá samhnas nó bolg nimhneach ort

  • blasanna láidre a chur le bia lena bhlas a fheabhsú, amhail luibheanna, spíosraí nó mustard

  • cothromaíocht a bhaint amach idir blasanna milse agus blasanna géara nó searbha, amhail oráiste, líomóid nó líoma

  • cothromaíocht a bhaint amach idir blasanna goirte nó searbha agus blasanna milse, amhail milsitheoir nó mil nó bain triail as bianna ar bheagán salainn

  • sceanra plaisteach agus earraí cócaireachta gloine a úsáid má tá blas miotalach ar bhia

Cúram a dhéanamh de do bhéal

Rochtain ar bhia agus tú ag teacht chugat féin

D'fhéadfadh do leibhéil fuinnimh a bheith íseal agus d'fhéadfá éirí tuirseach go héasca. Seans go mbeadh sé deacair béilí a ullmhú.

Má tá tú róthuirseach nó róthinn le cócaireacht, faigh isteach go leor bianna sláintiúla atá réidh le hithe nó éasca le hullmhú.

B’fhéidir go mbeifeá in ann iarraidh ar dhuine cabhrú leat do chuid béilí a ullmhú.

Tuirse tar éis COVID-19 a bhainistiú

Mura bhfuil tú in ann dul chuig an ollmhargadh, iarr ar dhuine de do mhuintir nó de do chairde do chuid siopadóireachta a dhéanamh thar do cheann. Is féidir leat siopadóireacht a dhéanamh ar líne freisin le go ndéanfar do chuid earraí grósaera a sheachadadh.

Iarr ar an té a dhéanann an tsiopadóireacht duit na hearraí grósaera a fhágáil ar leac an dorais nó sa phóirse.