Má itheann tú réimse leathan de bhia folláin gheobhaidh tú an fuinneamh agus na cothaithigh atá ag teastáil le bheith sláintiúil.
Pleanáil agus ullmhú
Seo a leanas comhairle maidir le bia sláintiúil a ithe:
- Pleanáil do bhéilí roimh ré - cuideoidh sé seo leat bianna éagsúla agus cothaitheach a ithe.
- Sábhálfaidh tú airgead freisin agus ní bheith tú ag braith chomh mór ar bhia saoráideach nó ar bhia atá próiseáilte.
- Réitigh do bhéilí ag baint úsáide as comhábhair úra den chuid is mó agus roghnaigh torthaí, sailéid agus glasraí mar shneaiceanna.
- Úsáid modhanna cócaireachta níos sláintiúla cosúil le griolladh nó galú seachas a bheith ag friochadh nó ag róstadh le hola nó saill.
- Úsáid Pirimid an Bhia mar threoir don mhéid chuireann tú ar do phláta.
- Suigh ag an mbord agus bain sult as do bhéilí.
- Déan iarracht gan a bheith ag ithe os comhair na teilifíse nó ríomhaire.
Déan Roghanna Sláintiúla
Úsáid Pirimid an Bhia mar threoir maidir leis na cineálacha agus an méid bia a theastaíonn uait gach lá.

Ith neart glasraí, sailéid agus torthaí - suas le leath de do phláta nó do bhabhla ag gach béile. Roghnaigh bia ar dhathanna éagsúla.
Léigh treoir agus moltaí i dtaobh glasraí, sailéad agus torthaí (PDF, 2.29 MB, leathanach amháin).
Roghnaigh aráin caiscín agus lánghráin, gránaigh, pasta agus rís dhonn. Bí ar an eolas faoin difríocht i gcalraí - tá níos mó calraí i gcineálacha éagsúla thar a chéile.
Roghnaigh bainne, iógart nó cáis atá ar bheagán saille. Roghnaigh bainne agus iógart níos minice ná cáis. Léigh tuilleadh faoi sin anseo:
Léigh treoir le moltaí i dtaobh bainne, iógart agus cáis (PDF, 1.88 MB, leathanach amháin).
Ith beagán díobh seo a leanas dhá uair sa lá: éineoil, iasc, uibheacha, cnónna, pónairí nó feoil. Roghnaigh iasc faoi dhó sa tseachtain - is fearr iasc olúil.
Gearr siar ar na sceallóga agus bia gasta an oiread agus is féidir. Tá a lán saille, salann agus calraí iontu.
Ná hith iad seo a leanas gach lá:
- Deochanna atá lán siúcra
- Brioscaí, cácaí, milseoga, seacláid, milseáin.
- Feoil shaillte phróiseáilte cosúil le hispíní, bagún agus liamhás.
- Sneaiceanna goirt ar nós criospaí.
Cé mhéad bia a theastaíonn uait
Bain úsáid as Pirimid an Bhia mar threoir do na cineálacha agus an méid bia a theastaíonn uait gach lá. Braitheann an méid bia is gá duit a ithe ar d’aois agus do leibhéal gníomhaíochta.
Foghlaim faoin méid a moltar a bheith ar do phláta (PDF, 828 KB, leathanach amháin).
Bia folláin
Féach conas a d’úsáid na daoine seo Pirimid an Bhia mar threoir le tuiscint a fháil ar bhia folláin.
Matthew, mac léinn 21 bliain d’aois atá ina chónaí as baile (PDF, 1.15 MB, leathanach amháin).
Michael, oibrí oifige 52 bliain d’aois atá róthrom (PDF, 947 KB, leathanach amháin).
Tom, 67 bliain d’aois agus a d’imigh ar scor le déanaí (PDF, 1.02 MB, leathanach amháin).
Bia folláin ar feadh do shaoil
Reáchtáiltear bunchúrsaí cócaireachta sé seachtainí faoi chothú agus faoi chothaithe ar fud na tíre. Faigh amach an bhfuil rang cothaithe agus cócaireachta ar siúl i do cheantar.