Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Do scamhóga a ghlanadh tar éis COVID-19 a bheith ort

Tá seans ann go bhfuil tú fós ag cur réama nó smuga aníos le casacht tar éis ionfhabhtú COVID-19 (coróinvíreas) a bheith ort. Gnáthrud é sin tar éis ionfhabhtuithe riospráide. Is éard atá ann ná an chaoi atá ag na scamhóga agus ag na feadáin anála iad féin a choinneáil glan.

Glan an réama amach as do scamhóga ar bhonn leanúnach le go dtiocfaidh biseach ar bhail do scamhóg agus laghdú ar an seans go mbeidh ionfhabhtú cliabhraigh ort.

Tá cleachtaí análaithe agus cleachtaí bunaithe ar shuíomhanna fisiciúla ann a d'fhéadfadh cabhrú leat réama a ghlanadh amach ar bhealach níos fearr.

Do chliabhrach a choinneáil glan

Le cabhrú leat do chliabhrach a choinneáil glan:

  • coinnigh suas díreach a oiread agus is féidir ach amháin má thugann fisiteiripeoir comhairle duit triail a bhaint as suíomhanna eile
  • glac aon chógais atá ordaithe duit
  • ól neart leachtanna chun go leor uisce a choinneáil sa chorp
  • coinnigh gníomhach agus déan gníomhaíocht choirp éasca

Cleachtaí análaithe

Tabhair am duit féin do scíth a ligean roimh chleachtaí a dhéanamh agus ina ndiaidh.

Teicníc an análaithe go domhain

Is éard atá i gceist leis an análú go domhain ná teicníc shimplí le do scamhóga a mhéadú agus chun cabhrú leat an réama atá ionat a ghlanadh.

Is féidir leat é seo a dhéanamh cuid mhaith uaireanta le linn an lae in áit nó i suíomh ar bith. Déan cinnte go bhfuil tú compordach agus go bhfuil do chliabhrach agus guaillí ar a suaimhneas.

  1. Bí i do shuí go compordach.
  2. Cuir lámh amháin ar do bholg go díreach thíos faoi na heasnacha agus cuir an lámh eile ar do chliabhrach.
  3. Tarraing anáil isteach trí do shrón agus lig don bholg do lámh a bhrú amach. Ba chóir don lámh atá ar do bholg bogadh níos mó ná an lámh atá ar do chliabhrach. 
  4. Scaoil amach anáil tríd na liopaí agus iad craptha agat, mar a dhéanfá agus tú ag feadaíl. Mothaigh an lámh atá ar do bholg ag bogadh isteach agus úsáid í chun an t-aer ar fad a bhrú amach.
  5. Déan an t-análú seo idir 3 huaire agus 5 huaire. Tóg do chuid ama gach uair a dhéanann tú anáil a tharraingt.

Tar éis an chleachtaidh, is féidir leat puthaíl go deas réidh le réama a thabhairt aníos.

Léiriú den análú go domhain.

Teicníc an chruachta anála

Is éard atá i gceist leis an gcruachadh anála ná teicníc ar féidir í a úsáid chun:

  • cabhrú leat do scamhóga a mhéadú
  • na matáin a choinneáil solúbtha
  • cabhrú leat casacht níos láidre a dhéanamh leis an réama a ghlanadh

Fan uair an chloig i ndiaidh duit bia nó deoch a bheith agat sula ndéanfaidh tú na cleachtaí seo. Má thagann aon phianta cliabhraigh ort le linn duit an cleachtadh a dhéanamh, cuir deireadh leis.

  1. Scaoil amach anáil go hiomlán.
  2. Tarraing isteach anáil bheag trí do bhéal, trí do shrón nó tríd an dá cheann acu agus coinnigh d'anáil istigh.
  3. Anuas ar an aer atá i do scamhóga cheana féin, tarraing isteach anáil bheag eile.
  4. Déan an méid sin arís agus arís eile go dtí nach féidir leat tuilleadh aeir a tharraingt isteach agus coinnigh d'anáil istigh ar feadh idir 2 shoicind agus 5 shoicind.
  5. Scaoil an t-aer amach as do bhéal. Beidh sé seo mar a bheadh anáil mhór níos neartmhaire ann.

Tar éis an chleachtaidh, is féidir leat puthaíl go deas réidh le réama a thabhairt aníos.

Léiriú den chruachadh anála.

Non-urgent advice: Cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh agus cuir deireadh leis na cleachtaí seo más rud é:

  • go bhfuil athrú ag teacht ar do phatrún análaithe nó má tá an patrún sin ag éirí neamhghnách nuair nach mbíonn na cleachtaí ar bun agat

Cleachtaí aimsithe suímh chun réama a ghlanadh (draenáil staidiúire)

Is féidir le réama carnadh sna scamhóga, go háirithe ag bun nó ar thaobhanna na scamhóg. Is éasca réama a ghlanadh má tá sé i lár do chliabhraigh nó d’aerbhealaí láir. Is féidir leat do chion féin a dhéanamh leis an réama a bhogadh ach triail a bhaint as suíomhanna éagsúla.

Baintear leas as an domhantarraingt sna cleachtaí aimsithe suímh seo chun cabhrú leat réama carntha a ghlanadh amach.

Beidh tionchar ag tiús nó greamaitheacht an réama ar a éifeachtaí agus a bheidh na cleachtaí. Seans go mbeidh sé níos deacra réama tiubh a ghlanadh. Seans nach n-oibreoidh na cleachtaí seo má tá an réama iontach tiubh agus greamaitheach. 

Fan uair an chloig ar a laghad i ndiaidh duit béile mór a bheith agat sula ndéanann tú na cleachtaí seo. Cuir deireadh le cleachtadh má bhíonn dó croí ort nó má thosaíonn tú ag aireachtáil tinn lena linn.

Cleachtadh aimsithe suímh 1

D'fhéadfadh sé seo cabhrú leat réama a ghlanadh ó íochtar do scamhóg.

  1. Bí i do luí ar do dhroim, do cheann go réidh leibhéalta agus do ghlúine lúbtha agat.
  2. Cuir piliúir faoi do chromáin agus do ghlúine sa dóigh is go mbeidh do chromáin níos airde ná leibhéal do chliabhraigh.
  3. Fan mar sin go ceann 5 nóiméad ar a laghad agus déan iarracht a bheith ag análú go domhain.

Tar éis an chleachtaidh, is féidir leat puthaíl go deas réidh le réama a thabhairt aníos.

Fisiteiripeoir ina luí ar a dhroim, a cheann go réidh leibhéalta agus a ghlúine lúbtha aige. Tá an piliúir faoina chromáin agus a ghlúine sa dóigh is go bhfuil a chromáin níos airde ná leibhéal a chliabhraigh.
Léiriú ar chleachtadh aimsithe suímh 1

Cleachtadh aimsithe suímh 2

  1. Bí i do luí ar thaobh amháin nó ar an taobh eile, do cheann réidh leibhéalta agat.
  2. Cuir piliúr faoi do chromán sa dóigh is go mbeidh sé níos airde ná leibhéal do chliabhraigh. Is féidir leat do lámha a chur faoi do cheann ar mhaithe le compord.
  3. Fan san áit seo ar feadh idir 5 nóiméad agus 10 nóiméad más féidir leat agus déan iarracht a bheith ag análú go domhain.
  4. Déan é seo arís ar do dhá thaobh.

Tar éis an chleachtaidh, is féidir leat puthaíl go deas réidh le réama a thabhairt aníos.

Fisiteiripeoir ina luí ar a thaobh, a cheann réidh leibhéalta aige agus piliúr faoina chromán sa dóigh is go mbeidh sé níos airde ná leibhéal a chliabhraigh.
Léiriú ar chleachtadh aimsithe suímh 2

Réama a ghlanadh

Déan iarracht puthaíl a dhéanamh chun an réama a ghlanadh tar éis cleachtaí análaithe nó aimsithe suímh a dhéanamh. Ní bhíonn sé chomh tuirsiúil céanna le bheith ag casacht.

Chun puthaíl a dhéanamh:

  1. Tarraing anáil isteach trí do shrón.
  2. Agus do bhéal ar oscailt, scaoil anáil amach go crua agus go gasta amhail is go bhfuil tú ag iarraidh gal a chur ar scáthán.

Is féidir casacht a dhéanamh tar éis duit puthaíl a dhéanamh más gá. Ná bíodh an iomarca fórsa ann, áfach.

Is féidir leat an réama a chaitheamh amach as do bhéal. Ní dhéanfaidh sé dochar é a shlogadh, áfach. Bíonn réama bán nó trédhearcach go hiondúil.

Non-urgent advice: Labhair le do dhochtúir teaghlaigh más rud é:

  • go bhfuil fuil i do réama - d'fhéadfadh an réama a bheith dearg nó bándearg
  • go bhfuil athrú tagtha ar dhath do réama - mar shampla, buí, glas nó donn