Skip to main content

Ag beathú do leanbh le bainne cíche má tá an coróinvíreas ort

Uasdátaithe: 29 Aibreán 2020 ag 2.05in

Má tá an coróinvíreas ort agus má tá tú ag tabhairt aire do do leanbh, b’fhearr duit leanacht ag beathú do leanbh tú féin, más féidir.

Níl aon fhianaise ann go scaiptear an víreas i mbainne cíche. Ach táimid fós ag foghlaim faoin gcoróinvíreas.

Má airíonn tú róthinn, b’fhéidir go socrófá bainne cíche a thál ionas gur féidir le duine eile do leanbh a bheathú. Is é do pháirtí nó duine muinteartha leat a dhéanfadh é seo go hiondúil. Is féidir le d’fhoireann cúram sláinte comhairle a thabhairt freisin faoin mbealach is sábháilte chun do leanbh a bheathú.

Léigh tuilleadh faoi conas bainne cíche a thál

Is trí gartheagmháil leatsa is mó a bheadh an baol go bhfaigheadh do leanbh an víreas. D’fhéadfá an víreas a thabhairt do do leanbh trí chasacht nó do shraothartach.

Má tú ag beathú do pháiste le bainne cíche:

  • Nigh do lámha i gceart sula leagann tu lámh ar do leanbh nó ar aon trealamh um bheathú cíche ar nós pumpa nó buidéil.
  • Caith clúdach aghaidhe má tá tú ag beathú le do chíoch nó ag beathú le buidéal.
  • Iarr ar do bhean chabhrach nó ar dhuine eile den fhoireann a thaispeáint duit conas an pumpa cíche a ghlanadh tar éis duit é a úsáid.

Ag fáil cóir leighis do chomharthaí an choróinvíris agus tú ag beathú do pháiste le bainne cíche

Seachain cógais a bhfuil díchaochtáin iontu. D’fhéadfadh sé seo an méid bainne atá agat a laghdú.

Léigh tuilleadh faoi chógas a thógáil agus tú ag beathú do leanbh le bainne cíche

Rinneadh an t-athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 16/07/2020
Déanfar an chéad athbhreithniú eile: 16/07/2023