Tá sé tábhachtach bheith gníomhach agus tú ag fanacht sa bhaile nó ag fanacht asat féin le linn ráig an choróinvíris.
Is féidir le duine ar bith a bheith gníomhach, tá sé éasca tosú agus ní bhíonn sé ró-mhall choíche . Is gníomhaíocht choirp é aon rud a spreagann tú chun gluaiseacht agus rachaidh sé chun leasa duit is cuma cén aois thú. Spreag tú féin le bheith níos aclaí.
B’fhéidir go mbeadh sé deacair tú féin a spreagadh , go háirithe má bhíonn sé fuar agus ag cur báistí. Ach, is féidir leat aclaíocht a dhéanamh agus a bheith gníomhach áit ar bith - sa bhaile nó i do ghairdín.
Gníomhaíochtaí do dhaoine níos sine
Ba chóir go mbeadh gach duine fásta chomh gníomhach agus is féidir leo a bheith gach lá.
Mar shampla:
- 150 nóiméad ar a laghad de ghníomhaíocht aeróbach mheasartha gach seachtain ar nós: siúl, damhsa nó fiú an féar a ghearradh.
- Cleachtaí chun na matáin a neartú -2 lá nó níos mó sa tseachtain - mar shampla, tochailt sa ghairdín, aeróbaic chéime, cleachtaí le meáchain láimhe nó ióga
- Fiú obair tí mar chócaireacht agus gan a bheith i do shuí síos an t-am ar fad.
Tá baol níos mó go dtitfeá más duine tú atá níos sine . Déan iarracht ceann díobh seo a dhéanamh gach lá:
Bain triail astu seo:
- cleachtaí le hagaidh cothromaíochta
- cleachtaí le tú a láidriú
- cleachtaí le haghaidh solúbthachta
- cleachtaí agus tú i do shuí